Meabhraíonn an tAire McConalogue d’fheirmeoirí an 16 Bealtaine an spriocdháta d’iarratais BPS
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Mheabhraigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, d'fheirmeoirí gurb é an spriocdháta chun a n-iarratais ar Scéim na hÍocaíochta Bunasaí (BPS) 2022 a chur isteach ar líne ná meán oíche Dé Luain an 16 Bealtaine. Is é seo an spriocdháta chomh maith chun iarratais ghaolmhara a chur isteach don méid seo a leanas
Cinnfidh na barra a dhearbhaítear ar Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí 2022 incháilitheacht don Scéim Dreasachta Curaíochta agus do Scéimeanna Barra Próitéine.
Tá an Roinn ag cabhrú le feirmeoirí a gcuid iarratas a dhéanamh le seachtainí beaga anuas trína gclinicí BPS i bpearsa in áiteanna ar fud na tíre. Tá clinicí BPS eile sceidealaithe le linn mhí na Bealtaine. Is féidir le feirmeoirí teagmháil a dhéanamh leis an Deasc Chabhrach d'Íocaíochtaí Díreacha ar 057 -8674422. Beidh na línte ar oscailt ar feadh uaireanta fada sa tréimhse roimh an dáta iarratais mar seo a leanas:
Dúirt an tAire,
“Molaim do gach feirmeoir a n-iarratais a chur isteach a luaithe is féidir roimh an spriocdháta an 16 Bealtaine. Má theastaíonn treoir ó fheirmeoir ar bith a n-iarratas a dhéanamh, ba cheart dóibh freastal ar Chlinic BPS nó glaoch ar Dheasc Chabhrach na Roinne áit a mbeidh ball foirne in ann cabhrú leo."
Más mian le feirmeoirí dul i dteagmháil leis an Roinn maidir le hiarratas ar líne is féidir leo é sin a dhéanamh ag
Beidh foireann ar fáil freisin ag oifigí na Roinne i bPort Laoise, Co. Laoise chun bualadh le feirmeoirí as seo go dtí spriocdháta an BPS an 16 Bealtaine 2022.