Meabhraíonn an tAire McConalogue d'fheirmeoirí nach fada uathu an spriocdháta le haghaidh iarratais TBII ar an 29 Bealtaine
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Clinicí breise TBII fógartha
Agus beagán le cois coicíse le dul go dtí an dáta deiridh ar ar féidir iarratais a chur isteach ar Thacaíocht Bhunúsach Ioncaim i dtaobh na hInbhuanaitheachta (TBII) na bliana 2023, mhol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Teachta Dála Charlie McConalogue, d'fheirmeoirí a gcuid iarratas a chur isteach chomh luath agus is féidir.
Is é meán oíche Dé Luain, an 29 Bealtaine an spriocdháta TBII agus an spriocdháta le haghaidh iarratais ghaolmhara a chur isteach ar réimse scéimeanna éagsúla eile, lena n-áirítear Tacaíocht Ioncaim Fhorlíontach d’Fheirmeoirí Óga, An Cúlchiste Náisiúnta agus Aistrithe Teidlíochtaí.
Tá an Roinn ag cabhrú le feirmeoirí le cúpla seachtain anuas, iad i láthair ag clinicí TBII i bpearsa in áiteanna ar fud na tíre chun treoir a thabhairt do lucht feirmeoireachta faoi conas a gcuid iarratas a chomhlánú. Tá tuilleadh clinicí TBII beartaithe ag an Roinn i gcaitheamh mhí na Bealtaine. Beidh na clinicí TBII ar siúl ó 11am go 6pm.
Dáta | Ionad | Láthair |
Dé Máirt, an 16 Bealtaine | Cabhán, Co Cabháin | Oifig na Roinne 11am-6pm |
Dé Céadaoin, an 17 Bealtaine | Droim Seanbhó, Co Liatroma | Oifig na Roinne 11am-6pm |
Déardaoin an 18 Bealtaine | Tuaim, Co. na Gaillimhe | Ostán Ard Rí House 11am-6pm |
Dé Máirt, an 23 Bealtaine | Baile Mhistéala, Co Chorcaí | Ostán Firgrove 11am-6pm |
Dé Céadaoin, an 24 Bealtaine | An tAonach, Co. Thiobraid Árann | Ostán Abbey Court 11am-6pm |
Déardaoin an 25 Bealtaine | Cill Chainnigh, Co Chill Chainnigh | Ostán Spring Hill Court 11am-6pm |
Féadann feirmeoirí dul i dteagmháil leis an deasc chabhrach Íocaíochtaí Díreacha freisin ag 057-8674422. Cuirfear fad le huaireanta oscailte na línte gutháin sa tréimhse díreach roimh an spriocdháta le haghaidh iarratais a chur isteach, mar seo a leanas:
Beidh foireann ann freisin ó Oifigí na Roinne i bPort Laoise, Co. Laoise, agus iad ar fáil chun bualadh le feirmeoirí idir seo agus an spriocdháta TBII ar an 29 Bealtaine 2023.
Ní mór d'fheirmeoirí úsáid a bhaint as áis ar líne na Roinne chun cur isteach ar TBII agus ar íocaíochtaí limistéarbhunaithe eile. Ní mór logáil isteach ar agfood.ie. agus cliceáil ar nasc BISS/scéim eile ceantar-bhunaithe le tosú ar a n-iarratas.
De rogha air sin, is féidir le feirmeoirí dul i dteagmháil leComhairleoir faofa ag an gCóras Comhairliúcháin Feirme (FAS) leis an iarratas a dhéanamh ar a son. Le liosta a fháil de na Comhairleoirí atá faofa ag FAS, féach le do thoil ar https://www.gov.ie/en/publication/b41a6-farm-advisory-system/#find-a-farm-advisor.
Más mian le feirmeoirí dul i dteagmháil leis an Roinn maidir le hiarratais ar líne, is féidir sin a dhéanamh ag: