Meabhraíonn an tAire McConalogue do cheannaitheoirí táirgí talmhaíochta agus bia a n-oibleagáidí dlíthiúla UTP a chomhlíonadh ar gach comhaontú soláthair roimh Aibreán 2022
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Mheabhraigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus na Mara Charlie McConalogue TD, inniu do sholáthraithe agus do cheannaitheoirí táirgí talmhaíochta agus bia a gcearta agus a n-oibleagáidí dlíthiúla faoi na Rialacháin um Chleachtais Éagóracha Trádála (UTP) a tugadh isteach níos luaithe i mbliana.
Ceann de phríomhphrionsabail na Rialachán UTP is ea feirmeoirí, eagraíochtaí feirmeoirí agus soláthraithe eile níos laige sa slabhra soláthair talmhaíochta agus bia a chosaint ar cheannaitheoirí níos láidre. Tá sé mar aidhm ag na Rialacháin, a thrasuíonn Treoir AE ar UTPanna i ndlí na hÉireann, seasamh feirmeoirí agus gnólachtaí beaga agus meánmhéide a fheabhsú trí chleachtais éagóracha trádála shonracha a thoirmeasc.
Dúirt an tAire
“Táim ag tapú na deise seo le meabhrú do cheannaitheoirí, ón 28 Aibreán 2022, go gcaithfidh gach comhaontú soláthair do tháirgí agraibhia a bheith ag comhlíonadh fhorálacha na Rialachán UTP go hiomlán. Iarraim mar sin ar cheannaitheoirí ar fud an tslabhra soláthair bia a bheith feasach ar a n-oibleagáidí dlíthiúla agus iad a thuiscint, agus na sé mhí amach romhainn a úsáid chun a chinntiú go gcomhlíonann gach comhaontú soláthair UTP”.
Chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na Rialachán, bhunaigh an tAire an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Chleachtais Éagóracha Trádála a bhfuil sé de chumhacht aige imscrúduithe a thionscnamh agus a sheoladh ar a thionscnamh féin nó ar bhonn gearáin.
Dúirt an tAire
“Bunaíodh an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Chleachtais Éagóracha Trádála mar bheart eatramhach laistigh de mo Roinn go dtí go dtabharfar an reachtaíocht phríomha chun críche chun Oifig nua Ombudsman Bia nó oifig choibhéiseach a bhunú. Tacaím go hiomlán le feachtas ardú feasachta an Údaráis agus lena rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara sa slabhra soláthair táirgí talmhaíochta agus bia.Tá an tÚdarás ar fáil chun cabhrú le ceannaitheoirí agus soláthraithe araon a gcuid oibleagáidí agus cearta faoi seach faoi na Rialacháin UTP a thuiscint."
“Mholfainn go háirithe do sholáthraithe teagmháil a dhéanamh leis an Údarás má bhraitheann siad go raibh siad faoi réir chleachtais éagóracha trádála in aon chomhaontuithe nua le déanaí”.
Nóta d'eagarthóirí
Shínigh an tAire I.R. Uimh. 198/2021 - Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Cleachtais Éagóracha Trádála a Chomhrac i Slabhra an tSoláthair Talmhaíochta agus Bia) 2021 (irishstatutebook.ie) an 28 Aibreán 2021.
Tháinig na Rialacháin seo i bhfeidhm d’fhorálacha na Treorach um Chleachtais Éagóracha Trádála (UTP) (Treoir (AE) 2019/633 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le caidrimh ghnó-le-gnó sa slabhra soláthair talmhaíochta agus bia
Toirmisctear leis na Rialacháin 16 chleachtas eagórach trádála (UTPanna) - 10 UTP (dubh) a bhfuil cosc orthu i ngach cás agus 6 UTP (liath) eile a bhfuil cosc orthu mura gcomhaontaíonn na páirtithe go soiléir roimh ré. Tugtar achoimre anseo ar na UTPanna: Leaflet DL Final.pdf (utp.gov.ie)
Tugann na Rialacháin cosaint d’aon soláthróir táirgí talmhaíochta agus bia le láimhdeachas suas le €350 milliún faoi réir go bhfuil láimhdeachas an tsoláthraí níos ísle ná láimhdeachas an cheannaitheora laistigh de chatagóirí luaite. Soláthraíonn na Rialacháin cosaint do chúig leibhéal grádaithe de chatagóirí láimhdeachais soláthraithe i gcoibhneas leis an gceannaitheoir suas go dtí an teorainn láimhdeachais €350 milliún.
Faoi na Rialacháin, sainmhínítear soláthróir mar tháirgeoir talmhaíochta nó aon duine nádúrtha nó dlíthiúil a dhíolann táirgí talmhaíochta agus bia. Sainmhínítear ceannaitheoir mar aon duine nádúrtha nó dlíthiúil nó aon údarás poiblí a cheannaíonn táirgí talmhaíochta agus bia. Ní bhaineann na Rialacháin ach le caidrimh ghnó-le-gnó agus ní chlúdaíonn siad díolacháin le tomhaltóirí.
Tá na Rialacháin UTP infheidhmithe ón 1 Iúil 2021 chun comhaontuithe soláthair a bunaíodh ón 28 Aibreán 2021 i leith, agus, ón 28 Aibreán 2022, caithfidh gach comhaontú soláthair, lena n-áirítear na comhaontuithe a bhí i bhfeidhm roimh an 28 Aibreán 2021, a bheith de réir na Rialachán.
Tá láithreán gréasáin tiomnaithe bunaithe ag an Údarás Forfheidhmithe - www.utp.gov.ie - ina bhfuil ábhair úsáideacha acmhainní, sonraí teagmhála lena n-áirítear conas is féidir le soláthraithe gearán a dhéanamh.
Tiomantas Chlár an Rialtais chun Ombudsman Náisiúnta Bia a bhunú
Cuimsíonn Clár an Rialtais tiomantas do:
'Cothroime, cothromas agus trédhearcacht sa slabhra bia a chinntiú trí údarás nua a bhunú ar a dtugtar an tOmbudsman Náisiúnta Bia (NFO) chun an Treoir um Chleachtais Éagóracha Trádála a fhorfheidhmiú. Cuirfidh an t-údarás nua seo rialacha ar fud an AE i bhfeidhm maidir le cleachtais éagóracha trádála toirmiscthe sa slabhra soláthair bia agus beidh cumhachtaí aige an Treoir seo a fhorfheidhmiú, ag cur pionóis orthu siúd a sháraíonn rialacháin. Beidh ról sonrach ag an NFO in anailís agus tuairisciú ar phraghsanna agus sonraí margaidh in Éirinn.'
Teastaíonn bunreachtaíocht chun an Oifig nua a bhunú agus chun foráil a dhéanamh d’fheidhmeanna a théann níos faide ná na cumhachtaí atá leagtha síos sa Treoir UTP. Tá an reachtaíocht seo á hullmhú mar ábhar tosaíochta.
CRÍOCH