Meabhrú tugtha ag McConalogue d'fheirmeoirí faoin spriocdháta don Scéim um Chúnamh Eisceachtúil Muc
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, i gcuimhne d'fheirmeoirí muc a n-iarratais ar an Scéim nua um Chúnamh Eisceachtúil Muc (PEP2) 2022 ar fiú €13 mhilliún í a chur isteach. Is é an spriocdháta le haghaidh iarratas ná meán oíche Dé Luain an 11 Iúil.
Is scéim cúnaimh choigeartaithe eisceachtúil arna maoiniú ag an Aontas Eorpach í an Scéim um Íocaíocht Eisceachtúil Muc 2 (PEPS2) a cuireadh i dtoll a chéile i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/467 ón gCoimisiún. Ní mór d'fheirmeoirí muc roinnt critéar a chomhlíonadh chun cáiliú d'íocaíocht, agus rátaí íocaíochta faoin scéim a bheith idir €3,000 agus €100,000 in aghaidh an tréada ainmnithe.
Dúirt an tAire:
“Molaim do gach feirmeoir muc téarmaí agus coinníollacha na scéime a scrúdú, agus a n-iarratais a chur isteach in am roimh spriocdháta an Luain seo chugainn.”
Más gá d'fheirmeoirí teagmháil a dhéanamh leis an Roinn maidir le cigireachtaí a sceidealú faoi Chlár um Leas Muc an DAFM ba chóir dóibh teagmháil a dhéanamh lena nOifig Tréidliachta Réigiúnach (RVO) áitiúil.