Measúnú Tionchair Inbhuanaitheachta ar Dheiseanna Iascaireachta curtha i láthair ag an Aire McConalogue don Chomhchoiste Oireachtais
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, TD, an Measúnú Tionchair Inbhuanaitheachta Iascaigh Mhara i láthair an Chomhchoiste Oireachtais um Thalmhaíocht, Bia agus Muir inniu. Déantar an Measúnú ar Thionchair Inbhuanaitheachta (SIA) gach bliain chun scrúdú a dhéanamh ar na himpleachtaí d’Éirinn ó thogra an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis an nGabháil Iomlán is Incheadaithe (TACanna) a shocrú don bhliain seo chugainn.
Tagann an SIA ar a chonclúidí ó phróiseas comhairliúcháin le páirtithe leasmhara, comhairliúchán poiblí agus ionchur ó shaineolaithe de chuid Institiúid na Mara agus BIM. Phléigh an tAire an anailís agus na conclúidí leis an gCoiste. Tá an SIA ar fáil ag https://www.gov.ie/en/publication/eb965-2021-sustainability-impact-assessment-of-eu-fishing-opportunities-proposal/
Dúirt an tAire McConalogue,
“Breathnaíonn an SIA ar na tionchair fhoriomlána a d’fhéadfadh a bheith ag an togra ar inbhuanaitheacht earnáil na hiascaireachta ó thaobh an dearcadh bitheolaíoch, heacnamaíoch agus sóisialta de. Fágann sé sin gur cuid riachtanach é den ullmhúchán don idirbheartaíocht iascaigh a leagann amach cuótaí do 2021. Cinnteoidh mé go gcuirfear tuairimí agus dearcthaí chomhaltaí an Choiste san áireamh chun seasamh na hÉireann san idirbheartaíocht seo a chur in iúl. "
I mbliana, den chéad uair, beidh ar an gCoimisiún Eorpach dul i mbun idirbheartaíochta leis an Ríocht Aontaithe mar Stát Cósta maidir le TAC a shocrú do stoic chomhroinnte. Ciallaíonn sé seo, i gcás fhormhór na stoc a bhfuil baint ag Éireann leo, nach bhfuil togra TAC déanta ag an gCoimisiún go fóill. Dá bhrí sin, úsáideadh an chomhairle eolaíoch ón ICES (an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara) mar bhunús do SIA na bliana seo.
Dúirt an tAire,
“Cuireann comhairle an ICES treoir oiriúnach ar fáil do na figiúirí TAC a mholfaidh an Coimisiún. Chinntigh sé seo go bhféadfadh an SIA dul ar aghaidh agus cheadaigh sé comhairliúchán poiblí fiúntach agus teagmháil réalaíoch lenár ngeallsealbhóirí agus leis an gComhchoiste Oireachtais, lena n-áirítear cruinniú leis na príomhpháirtithe leasmhara, comhlachtaí ionadaíocha thionscal na hiascaireachta agus NGOanna comhshaoil. ''
Thapaigh an tAire an deis seo chun an Coiste a chur ar an eolas maidir le cruinniú Airí an Ghrúpa den 8 mBallstát is mó a raibh tionchar orthu, in éineacht le Phríomh-Idirbheartaí an AE, Michel Barnier.
Dúirt an tAire freisin,
“Bhí rannpháirtíocht maith agus fiúntach leis an gCoiste maidir leis na dúshláin ollmhóra atá roimh earnáil na hiascaireachta agus muid ag tabhairt aghaidh ar na céimeanna deiridh san idirbheartaíocht agus tá Comhaontú Iascaigh fós ar cheann de na réimsí is deacra. Chuir mé in iúl don Choiste gur chuir mé brú láidir ar an Uasal Barnier idirbheartaíocht a dhéanamh le haghaidh comhaontú iascaigh chothrom ag baint úsáide as an nasc leis an gComhaontú Caidrimh Todhchaí foriomlán agus chuir an tUasal Barnier in iúl go raibh sé ar intinn aige an nasc a úsáid a mhéid is féidir. "
Fuair an tAire Leabhar Stoic 2020 an Institiúid Mara inniu freisin. Cuireann an Leabhar Stoic, atá ar cheann de phríomhfhoilseacháin bhliantúla an MI, comhairle eolaíoch ar fáil ar stoic éisc ar díol spéise iad d’Éirinn ó thaobh saothrú tráchtála de.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Cuireann an Leabhar Stoic an chomhairle eolaíoch is nuashonraithe ar fáil maidir leis na stoic ina ndéanann cabhlach na hÉireann a gcuid iascaireachta agus is cuid ríthábhachtach dár n-ullmhúchán bliantúil do shuíomh TAC é. "
Nóta d’eagarthóirí
Tá an Leabhar Stoic ar fáil go leictreonach ar shuíomh Idirlín Institiúid na Mara https://www.marine.ie/Home/home agus mar aip idirghníomhach.
CRÍOCH