Meitheal nua deimhnithe ag an tAire Harris chun scrúdú a dhéanamh ar fholláine agus rannpháirtíocht mac léinn
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dheimhnigh an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Simon Harris TD, go mbunófar meitheal nua chun scrúdú a dhéanamh ar conas folláine mac léinn a fheabhsú.
Beidh Aontas na Mac Léinn in Éirinn mar chathaoirleach ar an ngrúpa agus beidh sé de chúram air straitéisí a aithint agus a bheachtú agus iad a chur i bhfeidhm chun rannpháirtíocht agus folláine an fhoghlaimeora a fheabhsú.
Agus é ag labhairt inniu, dúirt an tAire Harris:
"Ba thréimhse thar a bheith deacair é seo dár mic léinn agus dár bhfoghlaimeoirí, agus is mór an tionchar é ar a bhfolláine.
"Tá a fhios agam go bhfuil go leor mac léinn ann a bheidh measúnuithe acu sna seachtainí atá amach romhainn agus go bhfuil siad faoi strus ollmhór agus tá a fhios agam go maith faoin na dúshláin thromchúiseacha atá rompu.
"Agus muid ag dul ar aghaidh lenár bhfreagairt ar an bpaindéim, bhunóidh mo Roinn meitheal ar a bheidh Aontas na Mac Léinn in Éirinn mar chathaoirleach agus beidh an mheitheal seo dírithe ar straitéisí a aithint agus a bheachtú agus iad a chur i bhfeidhm chun rannpháirtíocht agus folláine an fhoghlaimeora a fheabhsú.
"Teastaíonn uaim go mbeadh a fhios ag mic léinn agus foghlaimeoirí in oideachas tríú leibhéal ar fud na tíre nach amhlaidh a bheidh sé go deo mar atá sé anois; rachaimid ar ais chuig eispéireas níos gnáiche agus níos idirghníomhaí ach idir an dá linn, má bhíonn deacracht agat, le do thoil sín amach agus lorg cabhair."
Tá breisoideachais agus ardoideachais ag feidhmiú go príomha ar líne agus cuirtear an chuid is mó de ghníomhaíochtaí ar fáil ó chian i rith na bliana acadúla seo.
Beidh Uachtarán Aontas na Mac Léinn in Éirinn mar chathaoirleach ar an ngrúpa agus déanfaidh an grúpa scrúdú ar conas is féidir linn a chinntiú go bhfanfaidh mic léinn a bheith tiomanta dá gcuid staidéir.
Beidh ionadaithe ó choláistí, ó chomhpháirtithe breisoideachais agus ardoicheachais agus ionadaithe ó oideachas pobal sa ghrúpa.
CRÍOCH