Ráiteas ar Fheirmeacha Minceanna
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ag obair go dlúth leis na húdaráis sláinte poiblí agus le hoibreoirí fheirmeoirí minceanna in Éirinn chun aghaidh a thabhairt ar aon bhaol a d'fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar Covid-19.
Leanann feirmeoirí minceanna de bheith i mbun feidhme agus iad ag cloí go hiomlán le gach ceanglas dlí agus leas ainmhithe agus tá comhoibrithe acu go hiomlán leis na hiarrachtaí sin. Níor aimsíodh aon torthaí dearfacha do Covid-19 go dtí seo ar na tástálacha a rinneadh ar thréad na minceanna in Éirinn.
Tá sé curtha in iúl ag an Roinn Sláinte go bhfuil baol leanúnach ann má leantar d'fheirmeoireacht a dhéanamh ar mhinceanna go dtiocfaidh cineálacha breise SARS-CoV-2 athchóirithe-minceanna chun cinn agus, dá réir, go bhfuil sí ag moladh go ndéanfaí minceanna feirme in Éirinn a dhíothú chun an baol seo a íoslaghdú nó deireadh a chur leis an mbaol sin.
Leanann an Roinn Talmhaíocht de bheith i mbun rannpháirtíochta le feirmeoirí minceanna chun na chéad chéimeanna eile a ghlacfar a mheas.
CRÍOCH