Misean Trádála fíorúil stiúrtha ag Airí d’fhonn plé le príomhchustaiméirí na Síne maidir le bia agus deoch na hÉireann
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D. agus an tAire Stáit Martin Heydon T.D a bhfuil freagracht speisialta aige as Margaí nua a Fhorbairt, diansraith de phléanna trádála fíorúla a stiúradh le custaiméirí reatha agus custaiméirí ionchasacha sa tSín. Ba dheis thráthúil na cruinnithe seo, iad éascaithe ag Bord Bia, chun caidreamh idir easpórtálaithe agraibhia na hÉireann agus a gcuid custaiméirí a dhaingniú agus tá siad ríthábhachtach d’fhás leanúnach mhargaidh bhia agus di na hÉireann sa tSín. Bhí na pléanna seo mar chuid de shraith imeachtaí níos leithne timpeall Lá Fhéile Pádraig, inar eagraíodh cruinnithe le príomhchustaiméirí trádála ar fud na cruinne.
Dúirt an tAire McConalogue,
“Anuraidh, bhí thart ar aon trian d’easpórtálacha iomlána bia agus dí na hÉireann seolta chuig margaí idirnáisiúnta lasmuigh den Eoraip. D’fhás easpórtálacha na hÉireann chuig margaí na hÁise go han-tapa le deich mbliana anuas. Go deimhin, is í an tSín an ceathrú ceann scríbe easpórtála agraibhia is mó ag Éirinn anois, agus bhí luach níos mó ná €872 milliún ar easpórtálacha anuraidh. Maidir le heaspórtálacha déiríochta agus muiceola na hÉireann, is í an dara margadh is mó atá againn ”. Dúirt an tAire Aire “De ghnáth, stiúrfadh mo Roinn agus Bord Bia misean trádála amháin ar a laghad chun na Síne gach bliain, agus tá súil agam go mbeimid féin in ann misean trádála chun na Síne a reáchtáil roimh dheireadh na bliana seo."
Maidir le rochtain ar an margadh d’easpórtálacha mairteola na hÉireann, a bhfuil stop curtha leis ó Bhealtaine anuraidh, leag an tAire McConalogue béim air go bhfuil idirphlé leanúnach ann,
“Leanann m’oifigigh, trí Ambasáid na hÉireann i mBéising, ag plé go dearfach lena gcomhghleacaithe Síneacha d’fhonn rochtain na hÉireann ar a margadh mairteola a athoscailt. Tá súil agam go n-atosóidh an trádáil go luath, ach caithfimid a aithint go mbraitheann uainiú an chinnidh sin ar údaráis na Síne. "
Dúirt an tAire McConalogue freisin go raibh cruinniú fíorúil aige féin agus ag an Aire Heydon le hAmbasadóir na Síne chun na hÉireann, Ambasadóir He, inar ardaigh siad roinnt saincheisteanna maidir le rochtain ar an margadh agus trádáil. Chuir an tAire McConalogue béim áirithe air go raibh fonn air trádáil mhairteoil na hÉireann chun na Síne a atosú a luaithe is féidir. Aontaíodh go leanfadh oifigigh ón dá thaobh ag obair go dlúth lena chéile chun teacht ar réiteach a ligfeadh don trádáil atosú.
Dúirt an tAire Heydon,
“Is margadh ríthábhachtach í an tSín do thionscal bia na hÉireann, le fás stiúrtha ag cáil na hÉireann mar tháirgeoir sábháilte agus inbhuanaithe bia agus dí atá ar ardchaighdeán. Chomh maith le déiríocht, feoil agus bia mara, tá an chuma air gur deis iontach í an tSín freisin mar mhargadh do dheochanna biotáille Éireannacha. Shínigh an tSín agus an AE comhaontú anuraidh, chun breis is 100 Sonra Geografacha Eorpacha a aithint agus a chosaint, lena n-áirítear Fuisce Éireannach agus Uachtar Licéir Éireannaigh. Aithníonn an comhaontú seo tréithe uathúla agus cáilíocht eisceachtúil na dtáirgí Éireannacha seo agus cosnaíonn sé iad ó aithris. "
Dúirt Tara McCarthy, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Bord Bia,
“Mar gheall ar easpa rannpháirtíochta ion-mhargadh d’easpórtálaithe na hÉireann trí ghníomhaíochtaí traidisiúnta Misin Trádála baineann breis tábhachta le seachadadh faisnéise margaidh agus le saineolas margaidh ar an talamh. Le linn na seachtaine seo d'óstáil Bord Bia cruinniú faisnéise gnó ar Fhás a Spreagadh sa tSín. Ghlac breis is 180 duine a bhí i láthair páirt chun faisnéis a fhail ar na treochtaí tomhaltóra agus margaidh is déanaí agus chun tuiscint a fháil ar phleananna Bord Bia d’earnálacha na déiríochta, na mairteola, an bhia mara agus an alcóil sa réigiún. Sheol Bord Bia an Teach Smaointeoireachta in Shanghai anuraidh - ionad tiomnaithe léargais d’easpórtálaithe na hÉireann – agus a bhfuil raon leathan tionscadal seachadta aige cheana féin, lena n-áirítear Foireann Uirlisí Shíneach chun an Aimsir a Sheasamh, taighde ar ainmhithe cothaithe ag féar, roinnt tionscadal cliant saincheaptha, agus ár dtionscadal is déanaí le déanaí: rianaitheoir dearcthaí COVID. Tomhaiseann sé seo dearcthaí reatha thomhaltóirí na Síne ar bhia iompórtáilte i gcomhthéacs na paindéime, chun a chur ar chumas easpórtálaithe bia agus dí na hÉireann deiseanna suntasacha an réigiún a bhaint amach.
CRÍOCH