Molann an tAire Heydon do gheallsealbhóirí leanúint dá n-ullmhúcháin do rialuithe allmhairiúcháin na Ríochta Aontaithe
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’áitigh an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon T.D., inniu ar oibreoirí gnó bia leanúint ar aghaidh ag ullmhú do thabhairt isteach rialuithe allmhairiúcháin ar onnmhairiú bia áirithe agus earraí talmhaíochta chuig an mBreatain Mhór. Chuir sé béim ar an scéal go bhfuil na hathruithe atá á dtabhairt isteach ag Rialtas na Ríochta Aontaithe curtha siar, agus nár cuireadh ar ceal iad.
Ag labhairt dó ag an 24ú cruinniú de Choiste Comhairleach na nGeallsealbhóirí ar an mBreatimeacht, d’áitigh an tAire orthu siúd atá ag obair i slabhra soláthair bia na hÉireann-na Breataine Móire an t-am breise a úsáid chun a n-ullmhúcháin do na hathruithe a bheidh i bhfeidhm anois ón 1 Eanáir agus 1 Iúil 2022 a threisiú agus a bheachtú.
Ag trácht dó ar acmhainneacht na hearnála agraibhia, dúirt an tAire Heydon:
“I bhfianaise mhéid agus luach na trádála sa dá threo, agus nádúr comhtháite na slabhraí soláthair agraibhia, tá rogha na Ríochta Aontaithe an Margadh Aonair agus an tAonas Custaim a fhágáil tar éis tionchar as cuimse a bheith aige ar an timpeallacht trádála, agus chiallaigh sé ualaí nua dosheachanta ar chomhlachtaí trí na ceanglais agus na rialuithe breise atá i bhfeidhm anois. Tá níos mó ná naoi mí ann anois ó dheireadh na hidirthréimhse, agus feicimid fianaise de ghnóanna ag oiriúnú do na hathruithe buanna a tharla de bharr aistarraingt na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach. Tá an rialtas tiomanta leanúint de thacaíocht a thabhairt don earnáil maidir le hoiriúnú do na socruithe seo agus le hullmhú do na hathruithe breise a bhaineann leis an mBreatimeacht atá le teacht i 2022”.
Chuala an Coiste freisin nuashonruithe ón Roinn Gnóthaí Eachtracha ar fhorbairtí le déanaí ag leibhéal an AE i leith an chaidrimh AE-RA, lena n-áirítear an rannpháirtíocht leanúnach ar chur i bhfeidhm Phrótacal na hÉireann/Thuaisceart Éireann.
CRÍOCH