Molann McConalogue do ghnólachtaí bia bheith ullmhaithe i gcomhair tuilleadh athruithe trádála iar-Bhreatimeachta
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu thug an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., an t-eolas is deireanaí don Rialtas faoi ullmhúcháin na hearnála agraibhia don chéad chéim eile maidir le riachtanais importála na Ríochta Aontaithe, a thabharfar isteach at 1 Deireadh Fómhair.
Ag labhairt dó tar cruinniú faisnéise lena chomhghleacaithe Comh-aireachta, dúirt an tAire McConalogue,
“De bharr na Breatimeachta tá athrú ollmhór tagtha ar an gcaoi a mbímid ag trádáil leis an Ríocht Aontaithe agus tá tuilleadh athruithe ag teacht. Beidh an Ríocht Aontaithe ag déanamh seiceáil nua ar tháirgí bia agus talmhaíochta áirithe ó 1 Deireadh Fómhair. Tá athruithe i ndán do ghnólachtaí atá ag easpórtáil táirgí den saghas seo go dtí an Ríocht Aontaithe, seachas Tuaisceart Éireann, lena n-áirítear riachtanais a bhaineann le réamhfhógra agus teastas sláinte nua. Tá sé ríthábhachtach go dtuigfidh easpórtálaithe go hiomlán na riachtanais impórtála seo agus go gcinntíonn siad go dtuigeann gach duine sa slabhra soláthair, óna gcustaiméirí sa Ríocht Aontaithe go dtí a soláthróirí lóistíochta an ról agus an fhreagracht atá acu agus go mbeidh siad ábalta iad a chomhlíonadh”.
Ní bhaineann aon nós imeachta nua le hearraí atá ag bogadh idir Éire agus Tuaisceart Éireann de bharr an Phrótacail ar Éire / Tuaisceart Éireann.
Dúirt an tAire McConalogue freisin,
“Tá an Rialtas agus na hearnálacha agraibhia agus iascaigh an-ghnóthach ag ullmhú do na hathruithe a thiocfaidh isteach ar 1 Deireadh Fómhair. Leanfaimid orainn ag plé le páirtithe leasmhara agus le gnólachtaí i rith an tsamhraidh suas go dtí 1 Deireadh Fómhair mar chuid dár gclár caidrimh le trádálaithe. Lena chois sin, tá mo roinn, in éineacht le ranna agus gníomhaireachtaí ábhartha, ag déanamh trialacha easpórtála le hearraí éagsúla agus tá na ceachtanna sin á roinnt leis an tionscal”.
Agus é ag tagairt don teacht aniar atá san earnáil agraibhia, dúirt an tAire McConalogue freisin,
“Nuair a chuirtear san aireamh méid agus luach na trádála i ngach treo agus nádúr comhtháite na slabhraí soláthair bhia, is léir go raibh tionchar suntasach ar an timpeallacht trádála ag cinneadh na Ríochta Aontaithe an Margadh Aonair agus Aontas Cutam a fhágáil, agus dá bharr tá tromualaí dosheachanta nua ann ar ghnólachtaí tríd na riachtanais bhreise, an tseiceáil agus na srianta atá i bhfeidhm anois. Tá os cionn sé mhí caite ó cuireadh deireadh leis an Tréimhse Aistrithe Breatimeachta agus tá fianaise ann go bhfuil gnólachtaí ag dul in oiriúint ar an buanathruithe atá anois ann toisc gur fhág an Ríocht Aontaithe an AE. Tá an Rialtas tiomanta leanúint le tacaíocht a thabhairt don earnáil agus í ag teacht isteach ar na socruithe trádála nua seo, agus í ag ullmhú d’athruithe breise agus don chur isteach a bheidh ann níos déanaí i mbliana agus in 2022”.
Chun cuidiú tuilleadh le gnólachtaí, dul in oiriúint ar an timpeallacht trádála iar-Bhreatimeachta, reáchtálfaidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, in éineacht le comhghleacaithe sna Coimisinéirí Ioncaim, agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), seimineár gréasáin amárach (Dé Céadaoin 7 Iúil 2021) a thabharfaidh achoimre ar na dúshláin is coitianta atá ag gnólachtaí ó 1 Eanáir agus soláthrófar comhairle ar na céimeanna praiticiúla ar féidir a thógail chun na dúshláin seo a bhainistiú.
Is féidir teacht ar shonraí maidir leis na tacaíochtaí atá ar fáil chun cuidiú le gnólachtaí, lena n-áirítear tacaíochtaí oiliúna, airgeadais agus comhairleacha, ag Gov.ie/Brexit
Tá cur chuige céimnithe á chur i bhfeidhm ag an Ríocht Aontaithe maidir leis na riachtanais impórtála a thabhairt isteach, lena n-áirítear srianta Sláintíochta agus Fíteashláintíochta. Thug an Ríocht Aontaithe an chéad chéim isteach ar 1 Eanáir 2021. Ar 11 Márta, d’fhógair Rialtas na Ríochta Aontaithe go mbeadh moill ann maidir le srianta breise impórtála a thabhairt isteach a bhí le tarlú ar 1 Aibreán agus 1 Iúil. Tiocfaidh an riachtanais seo i bhfeidhm anois ar 1 Deireadh Fómhair, 1 Eanáir 2022, agus 1 Márta 2022.
Beidh tionchar ag na srianta impórtála seo de chuid na Ríochta Aontaithe ar easpórtálaithe de tháirgí de bhunús ainmhithe, lena n-áirítear gach saghas feoil, déirí, iasc agus táirgí ilchodacha ina bhfuil táirgí de bhunús ainmhithe, fo-tháirgí ainmhithe áirithe, bia ardriosca nach de bhunús ainmhithe é chomh maith le plandaí agus táirgí plandaí rialaithe.
Ba chóir do gach duine atá ag bogadh táirgí ó, go dtí agus tríd an Ríocht Aontaithe (seachas Tuaisceart Éireann) clárú leis an Roinn mar impórtálaí/easpórtálaí agus clárú ar TRACES a eagrú mar is cuí, trí teagmháil a dhéanamh leis an Roinn ag brexitregistration@agriculture.gov.ie.
Ba chóir go ghnólachtaí clárú freisin leis na Coimisinéirí Ioncaim/uimhir EORI a fháil mura bhfuil sé sin déanta acu cheana féin.
Ba chóir go ghnólachtaí dul i dtaithí ar na srianta Sláintíochta agus Fíteashláintíochta atá i bhfeidhm anois agus a thiocaidh i bhfeidhm trí www.gov.ie. Tá líne theileafóin tiomnaithe ag an Roinn, 01 607 2830, agus seoladh ríomhphoist, Brexitcall@agriculture.gov.ie, chun cuidiú le gnólachtaí.
DEIREADH