Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire freisin le linn di a bheith ag labhairt faoin tábhacht a bhaineann leis an staidéar féidearthachta a dhéanamh, “‘Tá olann inbhuanaithe agus in-athnuaite, dá réir sin, tá ciall ag baint le heolas a aimsiú faoin bpoitéinseal a bhaineann le holann. Tá úsáid á baint as olann san earnáil teicstílí ar ndóigh, ach chomh maith leis is ábhar orgánach, ísealcharbóin, nádúrtha é olann a d’fhéadfaí a úsáid b’fhéidir ar bhealach inmharthana i raon táirgí éagsúla cosúil le leasacháin, insliú agus pacáistiú. Ba mhaith liom a fháil amach anois, sula gcuirtear tús leis an obair fiú, faoi na deiseanna a shíleann daoine atá ann. Táim ag súil go gcabhróidh an staidéar féidearthachta liom, nuair a bheidh sé curtha i dtoll a chéile, treochlár a fhorbairt do Thionscal Olla na hÉireann. Agus trí chúnamh agus treoir a fháil ó Ghrúpa Páirtithe Leasmhara an Fhóraim Olla atá á bhunú agam, táim ag súil go gcabhrófar liom bearta olla na todhchaí a fhorbairt mar a shamhlaítear iad i gClár an Rialtais.”