Na hAirí McConalogue agus Heydon, i dteannta le Bord Bia, chun bualadh le hallmhaireoirí beostoic na Spáinne agus na hÍsiltíre
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Buailfidh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD, agus an tAire Stáit a bhfuil freagracht air as Margaí a Fhorbairt, Martin Heydon TD, i dteannta le Bord Bia agus oifigigh na Roinne, le hionadaithe ó earnáil bheostoic na hÍsiltíre [an tseachtain seo chugainn - an 25 Márta] .
Dúirt an tAire McConalogue roimh an gcruinniú,
“Tá caidreamh trádála fadbhunaithe agus comhthairbheach ag an Ísiltír agus ag Éirinn maidir le honnmhairiú laonna ar ardchaighdeán. Tá sé mar aidhm ag an gcruinniú fíorúil seo, arna éascú ag oifig Ísiltíreach Bhord Bia, a chur ar chumas na bpáirtithe go léir oibriú le chéile chun trádáil leanúnach laonna sláintiúla na hÉireann a chinntiú ar mhargadh na hÍsiltíre. Cuirfimid béim bhreise ar thiomantas na hÉireann na caighdeáin is airde leasa ainmhithe do laonna a chinntiú agus a fhorfheidhmiú le linn iompair."
Dúirt an tAire Heydon
“Tógfaidh an cruinniú seo ar an idirphlé atá ann cheana a d’fhorbair mo Roinn agus Bord Bia le hearnáil beostoic na hÍsiltíre. Tá sé ríthábhachtach a chinntiú go leanann sláinte agus leas laonna mar phríomhthosaíocht do gach duine a bhfuil baint acu leis an trádáil seo."
Chomh maith le cruinniú na seachtaine seo chugainn, thionóil na hAirí McConalogue agus Heydon, i dteannta le Bord Bia, cruinniú fíorúil [inniu - an 18 Márta] le príomhghnó beostoic sa Spáinn, mar chuid de shraith gealltanas trádála timpeall Lá Fhéile Pádraig.
Dúirt Tara McCarthy, POF Bhord Bia,
“Is iad margaí na hÍsiltíre agus na Spáinne na margaí is tábhachtaí atá againn maidir le honnmhairiú laonna agus tá sé tábhachtach teagmháil leanúnach a dhéanamh le ceannaitheoirí, allmhaireoirí agus críochnaitheoirí chun trádáil éasca leanúnach a éascú. Maidir le honnmhairiú laonna, tá sé tábhachtach go ráthaítear sláinte agus leas laonna ar an bhfeirm agus trí Scéimeanna Mairteola agus Déiríochta Inbhuanaithe Bhord Bia, is féidir linn cruthúnas a thairiscint do chustaiméirí nua agus do chustaiméirí atá ann cheana maidir leis na hardchaighdeáin fheirmeoireachta ainmhithe agus leasa laonna ar fheirmeacha na hÉireann."
CRÍOCH