Na dúshláin maidir le Comhionannas Inscne a bhaint amach sa Státseirbhís - Staidéar Nua
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cé gur fir is mó a bhfuil na poist shinsearacha sa Státseirbhís acu, de réir staidéar nua ESRI a foilsíodh inniu, tá an chosúlacht ar an scéal gur mó seans a mhothaíonn siadsan leatrom inscne ná mná. Tá an staidéar bunaithe ar fhreagairtí suirbhé ó 904 Státseirbhíseach taobh istigh den Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM) ó 2018, chomh maith le sonraí riaracháin ón Roinn. Ghlac an DAFM páirt ghníomhach chun déileáil leis an dúshlán a bhaineann le cothromaíocht inscne sa Roinn, agus tugadh faoin suirbhé a dhéanamh in 2018 mar bhealach chun plean a réiteach chun dul i mbun gníomhaíochta amach anseo. Scrúdaítear difríochtaí inscne ó thaobh obair sholúbtha, ardú céime, oiliúint agus líonrú sa tuarascáil.
Seo cuid de phríomhthorthaí an tsuirbhé:
Leatrom inscne
Cé gur mó seans go n-aireodh mná gur tharla claontacht inscne dóibh sa Roinn, is mó seans go gcreideann fir go bhfuil leatrom inscne i gcomórtais a bhaineann le ardú céime a thugann buntáiste do mhná. Mar sin féin, léirigh anailís ar shonraí riaracháin ar chomórtais ardú céime le déanaí nach raibh aon difríochtaí suntasacha i ráta rathúlachta na bhfear agus na mban a rinne iarratas. Tugann sé seo le fios go raibh míthuiscint i measc na bhfostaithe faoin gcaoi a chuirtear an tionscnamh cothromaíochta inscne i bhfeidhm taobh istigh den Státseirbhís.
Obair Solúbtha sa Roinn
Tá an-tóir ar roghanna oibre solúbtha sa Roinn agus níos mó ná trian de na hoibrithe ag úsáid roghanna oibre solúbtha faoi láthair. Mar sin féin tá rátaí rannpháirtíochta níos ísle ag roinnt gráid speisialtóra / theicniúla. Tá difríochtaí le feiceáil san úsáid a bhaintear as na roghanna seo ó thaobh inscne agus cúram leanaí, agus níos mó seans go mbainfeadh mná agus iad siúd le leanaí úsáid níos mó as na roghanna seo. Tá éifeacht dhearfach ag úsáid roghanna oibre solúbtha ar dhearcthaí faoi thacaíocht na Roinne maidir le cothromaíocht oibre agus saoil. Ina ainneoin sin, creideann níos mó ná trian de na hoibrithe go mbíonn tionchar diúltach ar úsáid na roghanna solúbtha oibre ar a gcuid seansanna ardú céime a fháil. Bhí an chuid sin níos airde fós i measc na ndaoine a bhain leas as scéimeanna saoire agus roghanna solúbtha san am atá thart.
Oiliúint agus Ardú Céime
Ghlac céatadán ard oibrithe sa Roinn páirt in oiliúint sa dá bhliain sular rinneadh an suirbhé. Bhí an rannpháirtíocht an-inscneach, áfach. Chonacthas go raibh i bhfad níos lú seans go mbeadh mná rannpháirteach san oiliúint i gcomparáid lena gcomhghleacaithe fir. Cé gur mhothaigh mná agus fir gur tugadh an oiread céanna misnigh dóibh chun iarratas a dhéanamh ar phoist sa Roinn, is lú seans go ndéanadh mná iarratas ar ardú céime sa dá bhliain roimh an suirbhé.
**Impleachtaí do Bheartas agus do Chleachtas:
1. Teastaíonn trédhearcacht ó fhostaithe maidir leis an gcaoi a chuirtear an tionscnamh cothromaíochta inscne i bhfeidhm sa Roinn chun aghaidh a thabhairt ar mhíthuiscintí maidir le laofacht inscne ó thaobh ardú céime de. Is féidir le hanailís agus torthaí comórtais a scaipeadh go hanaithnid tacú leis seo.
2. Suirbhéanna rialta a chur i bhfeidhm, den chineál a dhéanann an DAFM, chun cabhrú le bacainní ar comhionannas inscne sa Státseirbhís a aithint.
3. Ba cheart normalú a dhéanamh ar úsáid roghanna oibre solúbtha d’fhir agus do mhná sa Roinn. Ina theannta sin, ba cheart infhaighteacht roghanna oibre solúbtha a leathnú i gcomhair sruthanna ceirde d’fhir den chuid is mó. Ba chóir mná a spreagadh chun páirt a ghlacadh in oiliúint agus é seo a éascú dóibh. Ba cheart don Roinn tuilleadh forbairt a dhéanamh ar chláir mheantóireachta agus deiseanna líonraithe idir phiaraí.
Dúirt údar na tuarascála Helen Russell,
“Tá tuairim fhorleathan ann go ndéanann obair sholúbtha dochar do dheiseanna ardú céime. Dhéanfadh méadú ar infhaighteacht agus glacadh fir le roghanna den sórt sin an cleachtas seo a normalú agus d’fhéadfadh sé cabhrú chun an tuiscint go laghdaíonn glacadh le roghanna solúbtha oibre an tiomantas ó thaobh na hoibre de. D’fhéadfadh sé cabhrú freisin an tuairim, nach dtéann gníomhaíochtaí chun comhionannas a chur chun cinn ach chun leasa oibrithe ban, a dhíbirt."
Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, TD fáilte roimh an tuarascáil seo, ag rá
“is cuid é seo de thionscnamh leanúnach de chuid na Roinne agus tá sé ailínithe go hiomlán le haidhmeanna an Rialtais seo. Cé go n-aithnítear na dúshláin a bhaineann le cothromaíocht inscne a bhaint amach, tugann sé ardú misnigh dúinn nuair a fheicimid an obair a dhéantar chun na dúshláin sin a chomhrac. Táim tiomanta don phrionsabal maidir le comhdheiseanna do gach duine san ionad oibre mar aon leis an tsochaí. "
Dúirt sé freisin,
“Scrúdóidh an Roinn na torthaí seo anois agus déanfar na bealaí a mheas inar féidir lenar mbeartais oibre uaillmhian na cothromaíochta inscne a bhaint amach."
Nóta d’Eagarthóirí :
Choimisiúnaigh an grúpa Stiúrtha Cothromaíocht Inscne, taobh istigh den DAFM, an tuarascáil seo agus úsáidtear sonraí suirbhé ann a bhailigh an grúpa stiúrtha.
Tá an tuarascáil ar fáil ag gov.ie - Gender Balance at Work: A Study of an Irish Civil Service Department https://www.gov.ie/en/publication/7a65f-gender-balance-at-work-a-study-of-an-irish-civil-service-department/ .
Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:
Helen Russell, Ollamh Taighde, ESRI
Ríomhphost: helen.russell@esri.ie
Fón: 0868175571.
Shannen Enright, ESRI
Ríomhphost: shannen.enright@esri.ie
CRÍOCH