Na hAirí Stáit Malcolm Noonan agus Pippa Hackett chun imeacht tailte portaigh a óstáil ag deireadh COP26
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Beidh Rialtas na hÉireann ina óstach ar 'Dialogues Towards a European Peatlands Initiative' ar lá deiridh de COP26 (an 12 Samhain, 2021). Tabharfaidh an ócáid seo le chéile airí Eorpacha agus saineolaithe tailte portaigh le haghaidh plé ar pháirtithe leasmhara a ghníomhachtú agus an gá le comhoibriú oscailte, uile-Eorpach ar athchóiriú agus bainistíocht tailte portaigh.
Imeacht: Dialogues Towards a European Peatlands Initiative ag COP26
Cathain: An 12 Samhain 11-13 GMT
Conas: Cláraigh don phailliún maidir le tailte portaigh chun féachaint ar bheoshruth na hócáide: https://globalpeatlands.online/PeatlandPavilionCOP26Registration
Lean: #PeatlandsMatter
In 2019, ag Tionól Comhshaoil na Náisiún Aontaithe, gheall tíortha oibriú le chéile i dtreo caomhnú agus bainistíocht inbhuanaithe tailte portaigh a cuireadh in iúl i Rún 4/16 UNEA. Le linn Dialogues Towards a European Peatlands Initiative beidh ionadaithe rialtais as Éirinn, an Íoslainn, an Ghearmáin agus níos faide i gcéin in éineacht leis na hAirí Noonan agus Hackett, chun na ceachtanna tábhachtacha óna dtíortha faoi seach ar athchóiriú agus caomhnú tailte portaigh a roinnt. Tabharfaidh páirtithe leasmhara ar saineolaithe iad breac-chuntas ar a n-ionchas don todhchaí, agus pléifidh na hAirí na buntáistí agus na dúshláin a d’fhéadfadh teacht as comhoibriú sa todhchaí.
Dúirt an tAire Stáit Oidhreachta agus Athchóirithe Toghchán Malcolm Noonan TD go bhfuil
“caomhnú agus athchóiriú tailte portaigh an domhain ina gcuid riachtanach den dúshlán domhanda chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Táim ag tnúth le heispéiris na hÉireann agus an obair iontach atá á déanamh ag go leor páirtithe leasmhara a roinnt maidir le tailte portaigh na hÉireann a athbheochan agus eispéiris tíortha eile a chloisteáil.
Inár bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide le déanaí, gheall mo Roinn d’athchóiriú leanúnach a dhéanamh ar líonra portach ardaithe faoi chosaint na hÉireann i limistéar timpeall 22,000 heicteár. Agus muid ag dul isteach i Deich mBliana na Náisiún Aontaithe maidir le hAthchóiriú Éiceachórais, tá sé ríthábhachtach go gcinnteoimid go ndéanfar tailte portaigh a chaomhnú, a athshlánú agus a bhainistiú go hinbhuanaithe do na glúine atá ann faoi láthair agus do na glúine atá le teacht."
Tháinig an tAire Stáit Pippa Hackett ar an gconclúid gurb iad
“na cainteanna seo an chéad chéim ar de thuras - atá oscailte do gach tír Eorpach agus gníomhaithe tailte portaigh araon - ar an gcaoi ar féidir linn comhoibriú go ciallmhar ar fud na hEorpa d’fhonn na torthaí dearfacha a uasmhéadú dár dtailte portaigh uile”.