IARRATAIS AR MHAOLÚ NÍOTRÁITE 2021 – CUIREADH SÍNEADH LEIS AN SPRIOCDHÁTA
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an Roinn Talmhaíochta, Bia, agus Mara, inniu go bhfuil síneadh curtha anois go dtí an 14 Aibreán 2014 leis an spriocdháta d’iarratais ar Maolú Níotráite 2021.
Meabhraítear freisin d’fheirmeoirí a chuir isteach ar mhaolú in 2020 gur gá dóibh Cuntais Leasacháin don bhliain 2020 a sheoladh ar ais faoin 14 Aibreán 2021, chomh maith.
Is féidir iarratais a sheoladh ar aghaidh ar líne ar thairseach ar líne na Roinne, www.agfood.ie Moltar d’fheirmeoirí teagmháil a dhéanamh lena gcomhairleoir talmhaíochta lena dheimhniú ar cheart nó nár cheart an tsaoráid seo a chur ar fáil dóibh.
Braitheann an Maolú Níotráite ar chaighdeáin cháilíochta uisce a bhaint amach, agus tá na bearta seo in ainm is cáilíocht an uisce a chosaint. Saoráid thábhachtach é an Maolú d’fheirmeoirí a dhéanann feirmeoireacht níos déine. Bhain breis agus 6,500 feirmeoir a bhfuil dianstoc acu leas as an maolú in 2020.
Tá an córas ar líne dírithe ar an bpróiseas iarratais a shimpliú agus cabhrú le feirmeoirí pionóis a sheachaint. Is féidir le feirmeoirí na Rialacháin a chomhlíonadh freisin trína mbeostoc a bhainistiú, dóthain sciodair/aoileach feirme a easpórtáil, nó talamh bhreise a fháil ar cíos.
Is féidir le feirmeoirí nach bhfuil cláraithe cheana le haghaidh agfood.ie amhlaidh a dhéanamh trí chuairt a thabhairt ar www.agfood.ie agus an cnaipe ‘Cláraigh' a bhrú. Tá eolas breise ar fáil ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag an nasc seo a leanas: https://agfood.agriculture.gov.ie/sso-auth-ui-applicant/#/login
Tá cáipéisíocht eolas breise, Téarmaí agus Coinníollacha san áireamh, ar an Maolú Níotráite, ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag: www.gov.ie/en/publication/c9563-rural-environment-sustainability-nitrates/#nitrates-derogation
Maolú Níotráite
• Ceadaíonn an Maolú Níotráite d’fheirmeoirí an teorainn 170 kg d’aoileach nítrigine beostoic an heicteár a shárú a leagtar amach sna Rialacháin Níotráite, a mhéid le 250 kg in aghaidh an heicteáir, a fhad agus a chloítear le rialacha níos déine. Go mbeidh iarratas ar Mhaolú Níotráite bailí, caithfear cloí le téarmaí agus coinníollacha an Mhaolaithe go léir, an méid seo a leanas ina measc:
• Caithfear iarratas bliantúil a dhéanamh ar líne leis an Roinn. Ní ghlacfar le hiarratais phoist.
• Feirmeoireacht a dhéanamh ar ghabháltas ina bhfuil ar a laghad 80% féar. Beostoc innilte a bheith ag an bhfeirmeoir – níl maolú ar fáil ach i dtaca le beostoc innilte.
• Ní féidir an sciodar go léir a scaiptear ar ghabháltais mhaolaithe a scaipeadh ach trí threalamh astaíochtaí ísle a úsáid. Caithfear 50% den sciodar go léir a tháirgtear ar fheirm mhaolaithe a scaipeadh faoin 15 Meitheamh 2021.
• Ní bheidh coimíneacht agus féarach garbh incháilithe do liúntas maolaithe 250 kg de nítrigin in aghaidh an heicteáir (N/ha). Beidh ríomhanna leasacháin ar choimíneacht/fhéarach garbh teoranta do na liúntais ≤170 kg N/ha.
• Caithfear seamair a chuimsiú nuair a dhéantar féar a chur.
• Caithfear tabhairt faoi thomhas agus taifeadadh ar fhéar nó caithfear freastal ar oiliúint ar bhainistíocht féaraigh.
• Caithfear freastal ar oiliúint chomhshaoil.
• Caithfear glacadh le clár aolta.
• Caithfear tabhairt faoi bheart bithéagsúlachta ó phlean pailneoirí Uile-Éireann.
• Deimhníodh rátaí uasta don chéatadán de gharbhphróitéin i gcandaim dhéirí.
• Caithfidh stóráil dhóthanach a bheith ag gabháltas maolaithe don aoileach beostoic agus an t-uisce salach go léir a tháirgtear ar a ngabháltas.
• Caithfidh Plean Leasacháin a bheith i bhfeidhm ar an ngabháltas faoin 1 Márta. Ba cheart an plean seo a chur faoi bhráid na Roinne, anuas ar an bhfoirm iarratais murar chuir an feirmeoir plean leasacháin faoi bhráid na Roinne in 2018, 2019 nó 2020.
• Caithfidh pleananna leasacháin a bheith bunaithe ar thorthaí anailíse ithreach dar dáta i ndiaidh an 15 Meán Fómhair 2017.
• Caithfidh iarratasóirí nua nach bhfuil torthaí anailíse ithreach acu glacadh le hInnéacs 3 don bhliain 2021 ach caithfidh anailís shamplach ithreach, i dtaca le bliain bhairr 2020, a bheith ar fáil agus caithfear an plean leasacháin a leasú dá réir agus a sheoladh ar aghaidh ar líne chuig an Roinn roimh an 31 Márta 2022.
• Caithfear cuntais leasacháin a sheoladh ar aghaidh chuig an Roinn tráth nach déanaí ná an 31 Márta an bhliain dar gcionn.
• Ní féidir le hiarratasóirí ar Mhaolú Níotráite aoileach beostoic a iompórtáil ar a ngabháltas.
• Tá eolas, Téarmaí agus Coinníollacha san áireamh, ar an Maolú, ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag: www.gov.ie/en/publication/c9563-rural-environment-sustainability-nitrates/#nitrates-derogation
CRÍOCH