Nuashonrú maidir le hullmhú Liosta Sealadach Oidhreachta Domhanda nua d’Éirinn
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
PREASRÁITEAS
Nuashonrú maidir le hullmhú Liosta Sealadach Oidhreachta Domhanda nua d’Éirinn
8 Iúil 2021
Ar aon dul le comhairle ó UNESCO go ndéanfaí athbhreithniú ar Liostaí Sealadacha Oidhreachta Domhanda gach deich mbliana ar a laghad, sheol an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta gairm ar iarratais in Eanáir 2019 chun Liosta Sealadach nua de Mhaoin Oidhreachta Domhanda in Éirinn a chruthú agus ba é an spriocdháta a bhí luaite le hiarratais a fháil an 30 Meitheamh 2021. Fuair an Roinn sé hiarratas bhailí chun a bheith páirteach sa Liosta Sealadach nua faoin spriocdháta:
1. Tírdhreach Cultúrtha Ardtailte Bhoirne, Co. an Chláir;
2. Inis Cealtra, Co. an Chláir;
3. Tionól Cábla Trasatlantach: Dairbhre, Co. Chiarraí-Heart's Content, Talamh an Éisc agus Labradar, Ceanada;
4. Láithreáin Ríoga na hÉireann, Na Contaetha seo a leanas - Cill Dara, an Iarmhí, Tiobraid Árann, Ros Comáin agus An Mhí*;
5. Tírdhreach Tuama Pasáiste Cho. Shligigh; agus
6. Gleann Dá Loch, Co. Chill Mhantáin.
Cinneadh i ndiaidh scagadh tosaigh a dhéanamh go gcomhlíonann na sé hiarratas na bunriachtanais a bhaineann le measúnú a bheith á dhéanamh ag Sainghrúpa Comhairleach (SGC) atá bunaithe ag an Aire chun iarratais a mheas (cinneadh nár chomhlíon iarratas a bhain leis an bhFoirgneamh CHQ agus Duga Sheoirse i gCathair Bhaile Átha Cliath na riachtanais seo). Páirteach in SGC tá cuig saineolaithe ón earnáil oidhreachta; an Dr Carol Westrik, Cathaoirleach agus Saineolaí ar Oidhreacht Dhomhanda; an Dr Alison Sheridan, Saineolaí ar Sheandálaíocht Idirnáisiúnta; agus Jane Jackson, Uasal, Saineolaí ar Ailtireacht Thionsclaíoch; Dr Claire Cave , saineolaí oidhreachta nádúrtha; agus Dr William Megarry, Saineolaí Seandálaíochta na hÉireann (tá tuilleadh sonraí maidir le SGC le fáil ag www.worldheritageireland.ie).
Sna seachtainí amach romhainn, déanfaidh SGC measúnú ar na sé hiarratas bhailí bunaithe ar chumas gach iarratas léargas a thabhairt ar Luach Uilíoch Sármhaith, sláine agus/nó barántúlacht, creataí fadtéarmacha cosanta agus bainistíochta, agus fianaise ar thacaíocht páirtithe leasmhara áitiúla. Tá sé beartaithe go mbeidh a mheasúnú curtha i gcrích ag SGC agus go mbeidh moltaí déanta ag tús mhí Mheán Fómhair maidir leis na láithreáin ba cheart a chur san áireamh ar Liosta Sealadach nua.
Ansin déanfaidh Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta breithmheas ar aon mholtaí a bheidh déanta ag SGC bunaithe ar ullmhacht agus oiriúnacht don fhoirm, faoi réir cead a fháil ón Aire, le haghaidh Liosta Sealadach nua na hÉireann. Samhlaítear go gcuirfear an Liosta Sealadach nua de Mhaoin Oidhreachta Domhanda, a thiocfaidh in áit an Liosta Shealadaigh reatha, faoi bhráid Ionad Oidhreachta Domhanda UNESCO go luath in 2022.
Ba cheart a thabhairt faoi deara, ionas gur féidir leanúint ar aghaidh agus maoin a ainmniú le haghaidh stádas iomlán Oidhreachta Domhanda ina dhiaidh sin, nach mór go mbeadh an mhaoin ainmnithe ar an Liosta Sealadach le haghaidh bliain amháin ar a laghad. Áireofar san ainmniúchán a dhéanfar ar Stádas Oidhreachta Domhanda iomlán ina dhiaidh sin, a bheidh á threorú ag an Roinn i gcomhpháirt le hÚdaráis Áitiúla agus páirtithe leasmhara ábhartha, doiciméid ainmniúcháin agus pleananna caomhantais agus bainistíochta a ullmhú. Táthar ag súil go dtógfaidh an chéim mhionsonraithe seo den phróiseas, lena n-áirítear tuilleadh comhairliúcháin phoiblí agus rannpháirtíochta le páirtithe leasmhara áitiúla, roinnt blianta le cur i gcrích, agus go mbeidh ról lárnach ag tacaíocht áitiúil in aon ainmniúchán a dhéanfar ina dhiaidh sin.
Samhlaítear go n-athosclófar an próiseas a bhaineann le Liosta Sealadach na hÉireann a chur i dtoll a chéile le haghaidh athbhreithnithe am éigin as seo go ceann cúig bliana chun deis a thabhairt don Roinn láithreáin eile a mheas a d'fhéadfaí a mholadh agus a léiríonn Luach Uilíoch Sármhaith. D’fhéadfaí go n-áireofaí ina measc maoin atá ar an Liosta Sealadach reatha nár cuireadh iarratais i dtoll a chéile maidir leo faoin bpróiseas iarratais reatha.
CRÍOCH