Fógraíonn an tAire Noonan infheistíocht de €25 milliún chun limistéir chosanta a fhorbairt le haghaidh bithéagsúlacht mhuirí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Obair shuntasach curtha i gcrích ar an mBille um Limistéir Mhuirí faoi Chosaint atá le bheith ann faoi dheireadh na bliana seo
I mBaile Átha Cliath inniu, leag Malcolm Noonan TD, an tAire Dúlra, Oidhreachta agus Athchóirithe Toghcháin, béim ar an obair shuntasach a cuireadh i gcrích chun reachtaíocht a chur chun cinn do Limistéir Mhuirí faoi Chosaint in Éirinn. Rinne an tAire na ráitis agus é ag seoladh tionscadal nua LIFE de €25 milliún chun bithéagsúlacht éiceachórais mhuirí na hÉireann a chosaint, a chaomhnú agus a athbhunú.
Tá Limistéir Mhuirí faoi Chosaint (LMCanna) seanbhunaithe ar fud an domhain mar uirlis thábhachtach chun beatha agus gnáthóga muirí a chosaint agus a chaomhnú. Is féidir le líonra de LMCanna náisiúnta rannchuidiú le húsáid inbhuanaithe na farraige agus cuspóirí caomhnaithe aitheanta a bhaint amach do na speicis agus do na gnáthóga muirí atá á gcosaint. Is féidir le líonra dea-bhainistithe LMCanna athléimneacht a chur ar fáil in aghaidh an athraithe aeráide agus tacú le hiascaigh, dobharshaothrú, caitheamh aimsire, turasóireacht, agus úsáid inbhuanaithe fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a éascú, agus cuireann siad go léir go mór le geilleagar na hÉireann agus atá riachtanach do go leor slite beatha, go háirithe i bpobail chósta agus oileáin. Tá Éire tiomanta do 30% de chlúdach LMC a bheith aici faoi 2030 chun bithéagsúlacht a chosaint, i gcomhréir le Clár an Rialtais, straitéis an AE agus creat gaolmhar na Náisiún Aontaithe.
Ag labhairt dó ag seoladh tionscadail nua LIFE de €25m um Limistéir Mhuirí faoi Chosaint, i nDún Laoghaire, dúirt an tAire Noonan:
“Creidim go dteastaíonn próiseas cuimsitheach agus nua-aimseartha ón tír seo chun Limistéir Mhuirí faoi Chosaint a ainmniú agus a bhainistiú go héifeachtach. Sin é an fáth go bhfuilimid ag obair ar bhille a chomhcheanglóidh spriocanna straitéiseacha láidre do chosaint an chomhshaoil mhuirí le rannpháirtíocht fíor agus bríoch na bpáirtithe leasmhara agus an phobail.
“Mar gheall ar an athrú suntasach - agus a bhfuil géarghá leis - a shamhlaítear leis an mbille seo, tá an próiseas chun é a fhoilsiú fadálach ach ní mór dúinn an creat dlíthiúil a chur i gceart má táimid le píosa reachtaíochta deiridh a bheith againn a bheidh ina athrú mór le haghaidh cosanta mara.
“Creidim go fírinneach, leis an infheistíocht ollmhór ama agus iarrachta go dtí seo - ag mo Roinn, Ranna Rialtais eile agus Oifig an Ard-Aighne – go bhfuil an dúshraith daingean againn cheana féin le haghaidh Bille fíor-suntasach agus tá súil agam go mbeidh an dréacht deiridh foilsithe faoi dheireadh na bliana.
Tá infheistíocht de €25m i gceist leis an tionscadal LIFE um Limistéir Mhuirí faoi Chosaint nua a seoladh inniu agus úsáidfear é chun taighde agus forbairt a dhéanamh ar líonra cuimsitheach de Limistéir Mhuirí faoi Chosaint i gcomhréir le dea-chleachtais idirnáisiúnta.
Lean an tAire Noonan leis seo a leanas:
“Táimid go léir ar an eolas faoi na dúshláin agus na brúnna comhshaoil atá ag dul i méid ar ghnáthóga muirí. Tabharfaidh an tionscadal seo pobail áitiúla, eagraíochtaí comhshaoil, eolaithe agus lucht tionscail le chéile chun ár Limistéir Mhuirí faoi Chosaint a phleanáil agus a fhorbairt. Díreoidh sé ar chothromaíocht a fháil idir cosaint éiceolaíoch agus forbairt shocheacnamaíoch.
“Ag teacht leis an gcur chuige comhoibríoch, beidh faisnéis agus sonraí a chruthófar ar fáil go hoscailte do leasanna pobail, gnó agus eile agus oibreoimid le saineolaithe áitiúla chun a chinntiú go roinntear a gcuid léargas.
“Cuirfidh an tionscadal litearthacht aigéin chun cinn, chun cabhrú le daoine tuiscint níos fearr a fháil ar an aigéan ionas gur féidir leo gníomhartha freagracha agus inbhuanaithe a dhéanamh. Le chéile, is féidir linn oidhreacht dóchais, athléimneachta agus téarnaimh a chruthú dár n-éiceachórais mhuirí, á cosaint do na glúnta atá le teacht.
“Tá Éire ag obair go dian i dtreo na sprice de 30%. Tá aon trian den sprioc seo bainte amach againn cheana féin, le Limistéir Chaomhantais Speisialta nua san Atlantach Thoir Thuaidh agus Limistéir faoi Chosaint Speisialta in iarthuaisceart Mhuir Éireann agus Farraigí amach ó Loch Garman, le chéile comhdhéanta beagnach de 3.25 milliún heicteár dár n-uiscí muirí. Thug na hainmniúcháin seo clúdach limistéir chosanta inár bhfarraigí ó 2.3% go beagnach 10% le linn shaolré an Rialtais seo.”
Is comhoibriú é an tionscadal LIFE um Limistéir Mhuirí faoi Chosaint idir an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus trí chomhpháirtí taighde ón earnáil tríú leibhéal. Tabharfaidh trí Ollscoil aghaidh ar ghnéithe éagsúla den tionscadal seo: Díreoidh an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ar an éiceolaíocht agus ar an méid is féidir leis na LMCanna a bhaint amach; Déanfaidh Coláiste na hOllscoile, Corcaigh machnamh ar an taobh sóisialta agus ar na páirtithe leasmhara atá páirteach ann, agus tabharfaidh Ollscoil na Gaillimhe aghaidh ar na tionchair eacnamaíocha ar thionscal agus ar phobail.
Ag déanamh ionadaíochta do na hOllscoileanna, dúirt Leas-Uachtarán COBÁC um inbhuanaitheacht, an tOllamh Tasman Crowe:
“Tá deis shuntasach ag Éirinn athruithe an-tioncharacha a dhéanamh chun éiceachórais mhuirí luachmhara a chosaint agus a athbhunú agus chun cur ar a gcumas rathú. Ní mór na hathruithe a dhearadh go cúramach lena chinntiú go bhfuil siad éifeachtach agus go roinnfear na tairbhí agus na costais chomh cothrom agus is féidir. Tá lúcháir orainn a bheith ag obair leis an Rialtas ar thaighde agus ar fhorbairt an tionscadail thábhachtach seo do thimpeallacht agus do mhuintir na hÉireann.”
Leagfar amach sa Bhille um Limistéir Mhuirí faoi Chosaint, atá le foilsiú roimh dheireadh 2024, céimeanna éagsúla cosanta, a bheidh nasctha le híogaireacht agus leochaileacht na ngnáthóg nó na speiceas atá á gcosaint laistigh den LMC. Tabharfaidh sé sonraí freisin faoin bpróiseas bainistíochta agus forfheidhmithe a forbraíodh chun tacú leis na réimsí sin.
Críoch
Maidir leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta: Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta freagrach as beartais, creat reachtach agus cláir a sholáthar agus a chothú, chun Timpeallacht Mhuirí na hÉireann a chosaint, a fheabhsú agus a cuid inbhuanaitheachta.
Clár LIFE an AE: Is é Clár LIFE ionstraim mhaoinithe an Aontais Eorpaigh chun bealaí nuálacha a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na timpeallachta agus aeráide. Cuireadh tús le tionscadal LIFE i 1992 agus tá na mílte tionscadal i réimse chosaint na timpeallachta cómhaoinithe aige.
Príomhfhorálacha an Bhille um Limistéir Mhuirí faoi Chosaint:
Ráiteas Beartais Timpeallachta Aigéin
Foráiltear sa Bhille go gcuirfear Ráiteas Beartais Timpeallachta Aigéin i bhfeidhm. Beidh sé seo mar phríomhthreoir straitéiseach maidir le forbairt LMCanna. Leagfaidh sé síos cuspóirí timpeallachta mara náisiúnta agus idirnáisiúnta ardleibhéil na hÉireann maidir le speicis agus gnáthóga a chosaint, a chaomhnú agus a athbhunú, chomh maith le cosaint a thabhairt do thairbhí tábhachtacha a fhaigheann daoine ónár dtimpeallacht mhuirí. Déanfar athbhreithniú ar an Ráiteas gach sé bliana ar a laghad agus beidh sé mar bhonn eolais don phróiseas ainmniúcháin LMC. Cuirfidh sé san áireamh beartais náisiúnta agus idirnáisiúnta eile maidir le húsáid inbhuanaithe na farraige amhail fuinneamh, bia mara agus iompar, mar shampla. Áireofar leis spriocanna do LMCanna, na critéir chun gnéithe a roghnú agus LMCanna a ainmniú agus leagfar síos tosaíochtaí do na cineálacha éagsúla gnéithe muirí a dteastaíonn cosaint uathu i LMCanna.
Liosta Gnéithe Mara
Is éard is gné mhuirí ann ná seirbhís speiceas, gnáthóg, éiceachórais nó éiceachórais mhuirí. Déanfaidh an Bille foráil maidir le liosta a chruthú de na gnéithe sin a bheadh oiriúnach lena gcosaint mar LMCanna. Samplaí de na gnéithe seo is ea speicis atá faoi bhagairt agus i mbaol atá liostaithe ag AICD (An tAontas Idirnáisiúnta um Chaomhnú an Dúlra) chomh maith le liosta Choinbhinsiún OSPAR de speicis atá faoi bhagairt agus atá ag meath lena n-áirítear speicis siorca (e.g. Liamhán Gréine, Craosaire agus Bráithre), Roic agus Sciataí (e.g. Rotha Mhín agus Rotha Gharbh, Sciata Coiteann). Áireofar le forbairt an liosta seo comhairliúchán leis an bpobal, grúpaí pobail agus páirtithe leasmhara, ranna agus gníomhaireachtaí rialtais, agus saineolaithe eolaíochta mara.
Sainchomhairle eolaíoch neamhspleách
Cuirfidh Comhlacht Comhairleach Muirí faoi Chosaint (LMC CC) comhairle ar fáil maidir le conas speicis, gnáthóga agus gnéithe eile a aithníodh a bheith oiriúnach le haghaidh cosanta i LMCanna a chosaint. Áirítear leis seo cuspóirí caomhnaithe a shainaithint agus moltaí a dhéanamh chun LMCanna a bhainistiú go héifeachtach. Tacóidh páirtithe leasmhara rannpháirteacha agus grúpaí oibre pobail leis an obair seo. Beidh an LMC CC comhdhéanta de dhaoine a bhfuil taithí nó cáilíochtaí acu maidir le cosaint agus úsáid inbhuanaithe na timpeallachta mhuirí, socheacnamaíocht mhuirí, cultúr cósta agus muirí, oidhreacht, stair nó seandálaíocht, athrú aeráide agus dlí agus rialachas muirí.
Rannpháirtíocht an Phobail
Ceann de na gnéithe is nuálaí den reachtaíocht seo is ea an leibhéal ard rannpháirtíochta poiblí a shainordaíonn sé le linn an phróisis ar fad. Ó shainaithint tosaigh na ngnéithe muirí go dtí an bhainistíocht agus an mhonatóireacht leanúnach ar LMCanna, cinntíonn an Bille go mbíonn baint ghníomhach ag pobail áitiúla, páirtithe leasmhara agus an pobal i gcoitinne. Tá sé mar aidhm ag an gcur chuige cuimsitheach seo leas a bhaint as eolas áitiúil, maoirseacht pobail a chothú, agus dlisteanacht agus éifeachtacht iarrachtaí caomhnaithe mara a fheabhsú. Tugann an Bille sainordú don rannpháirtíocht seo trí mheithleacha páirtithe leasmhara rannpháirteacha a bhunú ar féidir leo cabhrú leis an Aire agus le sainchomhlacht comhairleach ina gcuid oibre. Is príomhghné den Bhille iad na grúpaí seo agus beidh siad oscailte do raon leathan páirtithe leasmhara. Léirigh taithí na Roinne go dtí seo agus torthaí an chomhairliúcháin phoiblí roimh obair ar an mBille seo go raibh rannpháirtíocht sa phróiseas ina phríomhriachtanas má tá LMCanna le bheith éifeachtach.