Ochtú cruinniú an Tascfhórsa Mairteola
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Thug an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., aitheasc inniu don ochtú cruinniú den Tascfhórsa Mairteola ar maidin.
Thug an tAire aitheantas don obair atá déanta go dtí seo maidir le cur chun feidhme na ngníomhartha faoi chomhaontú na hearnála Mairteola a chur chun cinn agus dúirt sé go raibh fonn air go gcuirfí na gníomhartha eile faoin gcomhaontú i gcrích a luaithe agus is féidir.
Dúirt an tAire
“Beidh na trí staidéar trédhearcachta margaidh a choimisiúnaigh mo roinn, a bhfuil súil agam go mbeidh siad críochnaithe roimh i bhfad, ina dtúsphointe tábhachtach maidir le trédhearcacht mhéadaithe a chur chun cinn.
“Feictear dom go gcruthóidh na gníomhartha seo ardán do thuilleadh oibre ar thrédhearcacht a thógfaidh oifig nua an Ombudsman Náisiúnta Bia uirthi, nuair a bhunófar níos déanaí i mbliana í. Beidh sainchúram sonrach ar an oifig sin maidir le tuairisciú agus le hanailísiú praghsanna. "
D’áitigh an tAire McConalogue don tionscal freisin go bhfuil gá soiléir ag feirmeoirí le cinnteacht. Dúirt sé,
“Gan amhras, beidh praghsanna faoi réir luaineacht an mhargaidh agus níl smacht againn air seo a bheag nó a mhór. Mar sin féin, tá gnéithe ann inar féidir cinnteacht a sholáthar, agus ní mór go dtuigfidh tionscal feola go gcuireann athrú tobann na bparaiméadar seo go mór isteach ar sholáthraithe feirmeoirí. Ba mhaith liom a fheiceáil go mbeadh an tionscal ag plé le soláthraithe feirmeoirí ar bhonn níos éifeachtúla, agus go mbeadh níos mó cinnteachta agus leanúnachais ann maidir leis na saincheisteanna seo. "
Thárla plé iomlán ina dhiaidh a chuimsigh tuarascáil ó Grant Thornton ar an dul chun cinn maidir leis na dtrí staidéar trédhearcachta margaidh coimisiúnaithe ag an Roinn a chur i gcríoch. Tá dhá cheann díobh seo curtha i gcrích anois agus foilseofar iad ar láithreán gréasáin na Roinne go gairid. Tá an tríú tuarascáil, an tuarascáil dheireanach, ar chomhdhéanamh praghsanna feadh an tslabhra soláthair, ag dul ar aghaidh.
Rinne Teagasc cur i láthair freisin ar chleachtadh scópala a rinneadh maidir le coincheap praghsála gearradh-bhunaithe. Bhí an-suim ag baill an Táscfhórsa sa cur i láthair.
Bhí mionphlé ann freisin ar staid reatha an mhargaidh, chomh maith le breac-chuntas ar an dul chun cinn maidir leis na gníomhartha i gComhaontú an Tascfhórsa Mhairteola nach bhfuil déanta go fóill.
Léirigh ionadaithe feirmeoirí díomá mhór maidir le forbairtí i bpraghsanna mairteola le mí anuas, chomh maith lena míshástacht leis an míniú ar an gceist seo a thug ionadaithe ón Tionscal Feola ag an bhfóram. D'iarr an Cathaoirleach, an tUasal Michael Dowling, ar Meat Industry Ireland an teachtaireacht seo a chur in iúl go soiléir dá mbaill.
Cuirfear gach doiciméad a bhaineann leis an Táscfhórsa Mairteola lena n-áirítear miontuairiscí agus cuir i láthair ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne.
CRÍOCH