Os cionn 34,000 gníomh agra-chomhshaoil le tosú ar fud na hÉireann
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, inniu go bhfuil níos mó ná 34,000 gníomh comhshaoil ceadaithe faoin Scéim Timpeallachta Tuaithe Talmhaíochta agus Aeráide (ACRES).
Tá na gníomhaíochtaí, atá á ndéanamh ag níos mó ná 4,100 feirmeoir ar fud na hÉireann, dírithe ar shláine an chomhshaoil a fheabhsú agus ar bhithéagsúlacht agus caighdeán an uisce a fheabhsú. I measc na samplaí de na gníomhartha atá á maoiniú ag an Roinn faoin gclár Infheistíocht Neamhtháirgiúil ACRES (NPI) tá boscaí ialtóige agus boscaí neadacha a shuiteáil do scréachóga reilige agus do phocairí gaoithe, geataí agus fálú leictreach a thógáil chun cosc a chur ar ró-innilt agus tearc-innilt, agus umair uisce a aistriú go dtí na láithreacha is fearr.
Tosóidh 4,148 feirmeoir san iomlán, nó 96.7% d'iomlán na n-iarratasóirí, ag fáil deimhnithe inniu go raibh rath nó rath i bpáirt ar a n-iarratais ar Infheistíochtaí Neamhtháirgiúla faoin Scéim Comhoibrithe ACRES in 2023.
Agus an fógra á dhéanamh aige, dúirt an tAire McConalogue:
“Is gné lárnach d’ACRES iad na hinfheistíochtaí seo a thacaíonn le feirmeoirí céimeanna ar leith a ghlacadh chun feabhas a chur ar thorthaí comhshaoil ar a ngabháltais agus a n-íocaíochtaí faoin scéim a mhéadú, ar an mbealach sin. Tá na 34,085 gníomh atá á ndéanamh ag feirmeoirí ar fud na hÉireann ríthábhachtach chun sláine an chomhshaoil a choinneáil agus bithéagsúlacht a mhéadú.”
Cuireann comhairleoirí ACRES iarratais, i bhfoirm pleananna Oibre Bliantúla INT le chéile agus cuireann siad isteach iad ar son a gcliant, ar rannpháirtithe Comhoibrithe ACRES iad.
Lean an tAire ar aghaidh:
“Cuireadh iarratais isteach thar ceann 4,288 rannpháirtí ACRES, agus 43,896 INT aonair san áireamh sna pleananna oibre bliantúla INT. Ansin rinne na foirne um Thionscadail Chomhoibrithe scagadh ar na hiarratais seo, agus cuireadh a gcinntí scagtha faoi bhráid na Roinne.”
Beidh litreacha cinnidh ar fáil ar AgFood ón lá inniu. Eiseofar cóipeanna crua tríd an bpost sna laethanta amach romhainn. Déanfar ‘Achoimre Cheadaithe do Phlean Oibreacha Bliantúla INT de chuid TC ACRES 2023’ a uaslódáil freisin ar AgFood sna laethanta amach romhainn, agus eiseofar na cóipeanna crua sa phost i mí Eanáir 2025. Tabharfar sonraí na INTanna ceadaithe san achoimre seo, agus beidh léarscáileanna, de réir na dáileachta, ina dtaispeánfar suíomh na INTanna ceadaithe ar an ngabháltas. Beidh an córas chun tacú leis na héilimh a chur isteach agus na híocaíochtaí a phróiseáil maidir leis na hinfheistíochtaí faofa i bhfeidhm chomh luath agus is féidir in 2025.
Osclaíodh tréimhse iarratais 2024 le haghaidh Infheistíochtaí Neamhtháirgiúla ar an 17 Meán Fómhair 2024 agus dúnadh í ar an 31 Deireadh Fómhair 2024. Tá tús curtha ag na Foirne um Thionscadail Chomhoibrithe ACRES le scagadh a dhéanamh ar na hiarratais seo.
DEIREADH
Osclaíodh an córas chun an chéad tráinse de Phleananna Oibre Bliantúla INT a chur isteach go foirmiúil Déardaoin, an 16 Samhain 2023, agus dúnadh é chun iarratais a chur isteach ag 5.30i.n. Dé Céadaoin, an 6 Nollaig 2023.
Is comhpháirtíocht é comhbheartas talmhaíochta an Aontais Eorpaigh (CBT) idir an tsochaí agus an earnáil talmhaíocht a chinntíonn soláthar seasmhach beatha, a chosnaíonn ioncam na bhfeirmeoirí, a chosnaíonn an timpeallacht agus a choinníonn ceantair thuaithe beo bríomhar. Cuireann tíortha an Aontais Eorpaigh CBT 2023-27 chun feidhme le Plean Straitéiseach CBT ar an leibhéal náisiúnta.
Déanann an tAontas Eorpach agus an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara an Scéim Timpeallachta Tuaithe Talmhaíochta agus Aeráide (ACRES) a chómhaoiniú faoi Phlean Straitéiseach CBT na hÉireann don tréimhse 2023-2027.
Tá tuilleadh eolais faoi scéim comhoibrithe ACRES ar fáil ar: gov.ie - Agri-Climate Rural Environment Scheme (ACRES).