Oscailt an Seachtú Comhdháil Idirnáisiúnta maidir le Mycobacterium Bovis
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'oscail an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, TD, an Seachtú Comhdháil Idirnáisiúnta maidir le Mycobacterium bovis (eitinn bólachta) inniu.
Agus fáilte á cur aige roimh os cionn trí chéad caoga toscaire idirnáisiúnta agus náisiúnta chuig an ócáid i nGaillimh, dúirt sé:
“Is ócáid idirnáisiúnta amach is amach í seo. As seo go ceann ceithre lá, tiocfaidh eolaithe, lucht déanta beartas, tréidlianna, agus ceannairí tionscail ó gach cearn den domhan le chéile ag an gcomhdháil seo. Roinnfidh cainteoirí agus toscairí ó thríocha tír eolas agus saineolas, agus beidh ról ríthábhachtach acu maidir leis an ngalar seo a rialú agus a dhíothú, galar a chothaíonn fíor-imní do theaghlaigh feirme agus a mbíonn tionchar ollmhór aige ar tháirgiúlacht."
“Ionas go n-éireoidh le clár díothaithe, ní mór fianaise láidir eolaíoch a bheith mar bhonn do dhea-cheapadh beartais. Cé go bhfuil sé dúshlánach eitinn bhólachta a rialú agus a dhíothú, is féidir é sin a dhéanamh ach na ceisteanna cearta eolaíocha a chur.”
Ag díriú ar an tábhacht a bhaineann le comhoibriú chun dul i ngleic le dúshlán na heitinne bólachta, dúirt an tAire,
“Is fadhb ‘ghránna‘ í an Eitinn Bólachta, agus tá comhoibriú domhain, ina n-imríonn gach duine a ról, ríthábhachtach chun dul i ngleic leis an ngalar seo agus é a dhíothú go rathúil. Anseo in Éirinn, tá an beartas sin á chur i ngníomh againn. “
“Tá dul chun cinn fíorthábhachtach á bhaint amach ag samhail chomhoibritheach ár bhFóraim Páirtithe Leasmhara Eitinne - tá rátaí minicíochta ag laghdú go seasta, agus tá róil ríthábhachtacha ag feirmeoirí, tréidlianna, eolaithe, oibreoirí eacnamaíocha agus ag mo Roinn féin. Tá an turas atá romhainn dúshlánach, ach mar gheall ar chomhdhálacha mar seo, agus an luach a chuirimid ar an gcur chuige eolaíoch, is féidir an turas sin a thaisteal go rathúil."
Beidh comhdháil idirnáisiúnta Mycobacterium Bovis ar siúl in OÉ Gaillimh ón Máirt, an 7 – 10 Meitheamh.
Le haghaidh tuilleadh eolais téigh chuig www.mbovis2022.com.
Reáchtáladh na comhdhálacha roimhe seo maidir le Mycobacterium bovis i mBaile Átha Cliath 1991, Dunedin 1995, Cambridge 2000, Baile Átha Cliath 2005, Wellington 2009 agus Cardiff 2014.
Tá an chomhdháil á heagrú ag grúpa oibrithe deonacha ar a bhfuil baill foirne ar scor agus atá ar seirbhís ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus baill foirne ón Lárionad um Anailís Riosca agus Eipidéimeolaíochta Tréidliachta (CVERA) sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
CRÍOCH