Osclaíonn an tAire McConalogue comhairliúchán poiblí ar an dréacht-tuarascáil scóipeála don Mheasúnacht Timpeallachta ar Phlean Straitéiseach CBT na hÉireann 2023-2027
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., inniu gur osclaíodh comhairliúchán poiblí ar an dréacht-tuarascáil scóipeála don Mheasúnacht Timpeallachta ar Phlean Straitéiseach CBT na hÉireann 2023-2027.
Ag caint ar an bhfógra, dúirt an tAire,
“Táim mé an-sásta an comhairliúchán poiblí seoladh a sheoladh ar ghné thábhachtach de Phlean Straitéiseach CBT na hÉireann 2023-2027 a fhorbairt. Anuas ar dhul i gcomhairle le húdaráis ainmnithe chomhshaoil, tá mo Roinn ag tabhairt faoi chomhairliúchán poiblí neamhreachtúil níos fairsinge chun rannpháirteachas le páirtithe leasmhara a spreagadh agus lena chabhrú eolas a sholáthar don mheasúnacht timpeallachta a dhéanamh ar Phlean Straitéiseach an CBT. Táim ag tnúth leis go nglacfaidh na comhlachtaí ábhartha agus páirtithe leasmhara páirt iomlán sa phróiseas seo. Gné ríthábhachtach é seo den chéad CBT eile a chruthú agus spreagaim daoine, ar an ábhar sin, a ndearcthaí a chur in iúl faoi seo."
Is éard atá i gceist le scóipeáil ná réimse agus leibhéal sonraí na saincheisteanna timpeallachta a dheimhniú atá le cur san áireamh nuair a bhíonn measúnacht timpeallachta á déanamh ar Phlean Straitéiseach CBT na hÉireann 2023-2027.
Is féidir teacht ar shonraí iomlána faoin gcomhairliúchán ag www.gov.ie/en/consultation/7f250-public-consultation-on-the-draft-scoping-report/
Beidh an comhairliúchán ar oscailt go dtí Dé Máirt, an 13 Aibreán 2021.
Nótaí don Eagarthóir:
Tá Plean Straitéiseach CBT na hÉireann don tréimhse 2023-2027 (PSC) á fhorbairt ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara faoi láthair. Bunaítear an obair seo ar dhréacht-togra an Choimisiúin [COM(2018)392] do Rialachán chun rialacha a bhunú maidir le tacaíocht a thabhairt do phleananna straitéiseacha a bheith á gcur le chéile ag Ballstáit faoin gComhbheartas Talmhaíochta (Pleananna Straitéiseach CBT) agus tá sé á mhaoiniú ag Coiste an Chiste Eorpaigh um Ráthaíocht Talmhaíochta (EAGF) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (EAFRD). Tá dréachtrialacháin an AE ar fáil ar láithreán gréasáin an Choimisiúin ag eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=COM%3A2018%3A392%3AFIN
Is cuid de thábhachtach den Phlean Straitéiseach an CBT 2023-2027 a fhorbairt, d’fhostaigh an Roinn RSM Ireland Limited tabhairt faoi Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta a dhéanamh ar na héifeachtaí suntasacha dóchúla a bheidh i gceist maidir leis an timpeallacht i ngeall ar an bPlean a chur i bhfeidhm.
Tabharfar faoin measúnacht timpeallachta i gcomhréir le Treoir 2001/42/CE an AE agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnacht Timpeallachta ar Phleananna Áirithe agus ar Chláir Áirithe), 2004 ( IR 435 de 2004 ).
Sula ndéanfar cinneadh faoi scóip agus leibhéal sonraí an eolais atá le cur san áireamh sa tuarascáil timpeallachta, agus anuas ar dhul i gcomhairle leis na húdaráis timpeallachta, táthar ag tabhairt faoi chomhairliúchán poiblí neamhreachtúil níos fairsinge ag an am céanna chun rannpháirtíocht bhreise a spreagadh i measc páirtithe leasmhara lena chabhrú eolas a sholáthar don mheasúnacht timpeallachta a dhéanamh ar Phlean Straitéiseach an CBT 2023-2027.
CRÍOCH