Osclaíonn an tAire Oidhreachta, Malcolm Noonan TD, Ciste na Séadchomharthaí Pobail 2022 €5 milliún
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair Malcolm Noonan, T.D, Aire Stáit don Oidhreacht agus don Athchóiriú Toghchán go mbeidh Ciste na Séadchomharthaí Pobail 2022 á oscailt inniu chun glacadh le gairmeacha. Is méadú 20% é an €5 milliún a leithdháilfear i gcomparáid leis an maoiniú a bhí ann sa bhliain 2021, agus méadú faoi thrí ó 2020 nuair a bunaíodh an ciste.
Cabhraíonn na deontais atá ar fáil faoi Chiste na Séadchomharthaí Pobail le coimeádaithe agus le húinéirí séadchomharthaí seandálaíochta iad a chosaint don am atá le teacht agus chun tairbhe na gceantar áitiúil agus na ndaoine atá ag tabhairt cuairte orthu. Ina theannta sin, tacaíonn siad leis na gairmeacha beatha agus le deiseanna poist atá ann sa tseandálaíocht, sa chaomhnú tógála agus i scileanna traidisiúnta.
Bunaíodh Ciste na Séadchomharthaí Pobail mar chuid den Spreagadh Poist i mí Iúil 2020 mar threagairt ar an ngéarchéim Covid. In 2020 agus 2021 tugadh maoiniú do thart ar 200 tionscadal oidhreachta a raibh luach €5.35 milliún orthu. Táthar ag súil go dtacóidh an clár 2022, atá á reáchtáil ag Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta de chuid na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, le os cionn 160 tionscadal.
Is í príomhaidhm Ciste na Séadchomharthaí Pobail ná séadchomharthaí seandálaíochta a chaomhnú, a chothabháil, a chosaint agus a chur chun cinn. Tá cisitú ar fáil le haghaidh:
• Oibreacha caomhnaithe ar shéadchomharthaí, a mheastar go bhfuil tábhacht ag baint leo agus go bhfuil sé riachtanach tacú leo go práinneach.
• Oibreacha chun go mbeidh teacht aniar i séadchomharthaí ionas go mbeidh said ábalta tionchar an athraithe aeráide a sheasamh agus
• Oibreacha chun feabhas a chur ar rochtain ar shéadchomharthaí agus ar an mbealach a chuirtear i láthair iad.
Tá sé ar fáil i dtrí shruth:
Tacaíonnn sruth 1 le deisiúcháin bhunriachtanacha agus le hoibreacha caomhnaithe caipitil ag séadchomharthaí seandálaíochta. I sruth 2 tugtar cistiú chun forbairt a dhéanamh ar Phleananna Bainistíochta Caomhnaithe/Tuarascálacha, a leagfaidh síos na bearta caomhnaithe is gá, mar aon le rudaí a mbeidh sé riachtanach aird a dhíriú orthu amach anseo. I struth 3 tairiscítear deontais chun bonneagar rochtana agus léirmhíniúchán a fheabhsú ag séadchomharthaí seandálaíochta, ábhar léirmhínithe ar líne san áireamh.
Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Noonan:
“Tá ag éirí thar barr le Ciste na Séadchomharthaí Pobail ó bunaíodh é sa bhliain 2020. An aidhm atá ann ná tacú leis an earnáil oidhreachta, agus bealach éifeachtach a sholáthar chun cuidiú leis na hÚdaráis Áitiúla agus le coimeádaithe, oidhreacht seandálaíochta na hÉireann a chosaint, oidhreacht atá iontach ach leochaileach.
Tacaíonn an Ciste le leibhéal ard rannpháirtíochta sa phobal maidir le cúrsaí oidhreachta. Soláthraíonn sé deiseanna chun scileanna traidisiúnta a úsáid. Neartaíonn sé ról na hoidhreachta i gceantair áitiúla ar fud na tíre agus díríonn sé ar thábhacht an róil seo maidir le mórtas cine is ceantair a fhorbairt.
Is cúis áthais dúinn gur féidir linn cur leis an gciste go suntasach i mbliana. Tá súil againn go mbeimid ag tacú le os cionn 160 tionscadal, rud a chuirfidh borradh faoin ngeilleagar áitiúil agus a sholáthróidh na mílte uair oibre do cheardaithe, d’ailtirí caomhnaithe, do shuirbhéirí agus d’innealtóirí, do sheandálaithe agus do dhaoine eile, agus iad go léir i mbun oibre inmharthana ag déanamh cúraim dár n-oidhreacht.”
Dúirt an tAire Noonan freisin:
“Cabhróidh an méadú ar infheistíocht seo chun cinnte a dhéanamh de go gcuirfidh an oidhreacht seandálaíochta atá ann fud fad na tíre le saol na ndaoine go léir inniu agus san am atá le teacht.”
Ag labhairt dó faoin seoladh inniu, dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien, TD:
"Tá ár n-oidhreacht seandálaíochta i gcroílár an phobail ar fud na tíre seo – séadchomharthaí ina bhfuil macallaí an am atá caite le cloisteáil agus nach mór dúinn go léir iad a chosaint. Ní mór dúinn oiread is féidir linn a dhéanamh chun tacú le pobail fud fad na tíre a chaitheann a gcuid ama agus a ndúthracht chun an oidhreacht áitiúil a chosaint. In éineacht le mo chomhghleacaí, an tAire Stáit Malcolm Noonan, TD, ba chúis áthais dom é maoiniú suntasach a fháil i mBuiséad 2022 do Chiste na Séadchomharthaí Pobail chun an oidhreacht sin a chaomhnú.”
Dúirt an tAire Stáit a bhfuil freagracht aige don Rialtas Áitiúil agus Pleanáil, Peter Burke TD:
Is comhpháirtíocht den scoth é Ciste na Séadchomharthaí Pobail idir na hÚdaráis Áitiúla agus Seirbhís Náisiúnta na Séadchomharthaí. Tá cúram na hoidhreachta i gcroílár na hoibre a dhéanann na hÚdaráis Áitiúla ar fud na tíre agus táimid an-bhuíoch díobh as an gCiste seo a riar i gcomhar leis an Roinn. Cuideoidh an maoiniú seo go mór leo na séadchomharthaí tábhachtacha seandálaíochta atá ina gcúram acu a chothabháíl, agus tacóidh sé le heagraíochtaí oidhreachta pobail agus le coimeádaithe ár n-oidhreachta ar fud na tíre.
Is féidir leis na hÚdaráis Áitiúla iarratas ar dheontas a dhéanamh i dtaca le hoibreacha ar shéadchomharthaí seandálaíochta atá faoi úinéireacht phoiblí, sa chás gur léiríodh go rachaidh siad chun tairbhe an phobail agus go bhfuil fócas soiléir oidhreachta i gceist. Is féidir leis na hÚdaráis Áitiúla tionscadail a mholadh freisin a fuarthas ó iarratasóirí príobháideacha, ar úinéirí nó coimdéadaithe de shéadchomharthaí iad. Lena chois sin, is féidir le heagraíochtaí Státmhaoinithe atá ag obair i réimse na hoidhreachta, iarratas a chur isteach go díreach chuig an Roinn i leith tionscadal ag a mbeidh buntáiste láidir ann don phobal.
Is é an spriocdháta le haghaidh iarratas a bheith istigh ná Dé Máirt 1 Márta 2022.