Osclaíonn Airí gairm mhór €20m le haghaidh Tograí Taighde
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'oscail Martin Heydon T.D., Aire Stáit na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara le freagracht taighde agus nuálaíochta faoi leith, in éineacht le hAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD agus an tAire Stáit Seanadóir Pippa Hackett gairm mhór le haghaidh tograí taighde san earnáil agraibhia, foraise agus bitheacnamaíochta inniu.
Is gairm mhór thaighde dhébhliantúil í an ‘Ghairm Thaighde de réir Théamaí RTBM 2023’, le níos mó ná €20 milliún á bhronnadh mar mhaoiniú do thaighde ceannródaíoch i réimsí ar nós maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide, bithéagsúlacht agus cáilíocht uisce, feirmeoireacht inbhuanaithe, sláinte agus leas ainmhithe, inbhuanaitheacht shóisialta, bitheacnamaíocht, agraidhigitiú, agus bia inbhuanaithe atá sláintiúil agus sábháilte.
Dúirt an tAire Heydon go bhfuil
"lúcháir air oscailt na gairme móire taighde seo a fhógairt. Má tá muid ag iarraidh féachaint chuige go seasfaidh ár bpríomhtháirgeoirí agus ár n-earnáil agraibhia an aimsir, caithfidh muid leanúint orainn infheistíocht mhór a dhéanamh i dtaighde ceannródaíoch.
“Cuirfidh an ghairm seo leis na hinfheistíochtaí an-suntasach rinne an Roinn anuraidh, le €9.6m do 12 thionscadal faoin ghairm mhór thaighde dheireanach sa bhliain 2021, €3.6m do cheithre thionscadal faoi chomhpháirtíocht thaighde thalmhaíochta agus aeráide idir Éirinn agus an Nua-Shéalainn, agus an €4.5m do 19 dtionscadal faoin nGairm Thaighde le haghaidh Léinn agus Polasaí Straitéiseach san áireamh.”
“Tá an obair atá maoinithe faoi na gairmeacha seo riachtanach leis na huirlisí atá de dhíth ar fheirmeoirí, ar fhoraoiseoirí agus ar an mórearnáil agraibhia le feabhas a chur ar a n-inbhuanaitheacht eacnamaíochta, timpeallachta agus sóisialta a chur ar fáil dóibh sna blianta atá amach romhainn,” ar an tAire Heydon.
Dúirt an tAire McConalogue gur “earnáil fadcheannach ar thús cadhnaíochta muid, bunaithe ar thaighde ceannródaíoch. Bíonn muid ag iarraidh forbairt agus dul chun cinn i ngach gné den earnáil i gcónaí.
Samhlaíonn Fís don Bhia 2030 Éire mar cheannaire domhanda sa Chóras Bia Inbhuanaithe roimh dheireadh na ndeich mbliana atá amach romhainn, agus beidh a fís earnáil nuálach, iomaíoch agus acmhainneach a fhorbairt atá á tiomáint ag teicneolaíocht agus ag cumas mar bhunáisitheoir aige seo. Tá mo Roinn an-tiomanta don mhisean seo agus tá an ghairm thaighde atá á lainseáil inniu mar fhianaise air sin’’.
Dúirt an tAire freisin:
‘‘tagann Gairm Thaighde de réir Théamaí na Roinne le mian na Straitéise Taighde agus Nuálaíochta Náisiúnta, IMPACT 2030, is é sin go mbeidh Éire mar cheannaire domhanda taighde agus nuálaíochta trí thaighde trasdisciplíneach a éascú, cumas taighde a fhorbairt agus a chothú, agus saineolas eolaíochta nua a chruthú a thacóidh le nuálaíocht rathúil.”
“Tá béim mhór ar aistriú eolais sa ghairm le toradh infheistíochta agus tionchair a chinntiú. Caithfidh Plean Aistriú Eolais a bheith i ngach iarratas le rannpháirtíocht geallsealbhóirí a éascú agus le bheith cinnte go gcruthaíonn aschur tionscadail buntáistí sa tsochaí i gcoitinne”.
Dúirt an tAire Stáit Pippa Hackett go bhfuil lúcháir uirthi oscailt na gairme móire taighde seo a fheiceáil.
“Mar Aire le freagracht thalamhúsáide agus bithéagsúlachta faoi leith, tá mé sásta go bhfuil béim áirithe ar na réimsí seo chomh maith le réimsí eile aeráide agus timpeallachta, talmhaíochta orgánaice, foraoiseachta agus táirgeadh agus próiseáil bia cothaitheach agus inbhuanaithe. Spreagfainn gach taighdeoir incháilithe smaoiniú ar mholtaí a chur isteach don Ghairm seo agus tá mé ag súil leis na gradaim thionscadail rathúla a fheiceáil níos moille i mbliana”.
I measc na gcuspóirí den ‘Ghairm Thaighde de réir Théamaí RTBM 2023’, tá inniúlacht thaighde a fhorbairt, saineolas agus clú, dul i ngleic le bearnaí in acmhainn taighde, deiseanna a chur ar fáil do thaighdeoirí go luath sa phróiseas, agus léargas, nuálaíocht agus teicneolaíochtaí a fhorbairt le dul chun cinn a dhéanamh ar fhorbairt inbhuanaithe den earnáil talmhaíochta, bia, foraoise agus bitheacnamaíochta. Is féidir maoiniú suas go €3 milliún a chur ar fáil do thionscadail, agus ar feadh tréimhse suas go 5 bliana.
Mar chuid den chomhoibriú thuaidh-theas a leanann go fóill ar thaighde agus nuálaíocht agraibhia, tá an Roinn Talmhaíochta, Timpeallachta agus Forbartha Tuaithe i dTuaisceart Éireann ag comhoibriú ar an ngairm thaighde trí mhaoiniú a chur ar fáil le seans a thabhairt d’eagraíochtaí taighde incháilithe i dTuaisceart Éireann comhoibriú ar thionscadail le páirtithe in Éirinn.
Cuireann an Ghairm Thaighde de réir Théamaí RTBM 2023 an snáithe taighde de réir téamaí den tacaíocht do thaighde RTBM i bhfeidhm. Is féidir teacht ar níos mó eolais faoi na cúig shnáithe atá i bhfeidhm ag an RTBM anseo: Item was unpublished or removed
Is féidir teacht ar níos mó eolais faoi ábhair na gairme, faoi chritéir cháilitheachta, faoin bpróiseas iarratais, faoi chritéir mheastóireachta agus faoin bpróiseas aighneachta sa cháipéis, Sonraíocht Gairme, agus sa cháipéis, Treoirlínte d’Iarratasóir, agus is féidir teacht ar an dá cháipéis the Call Specification document and the Guidelines for Applicants document.
Is é an spriocdháta d’iarratais ar mholtaí an 21 Aibreán 2023 ag 12:00.
Beidh seimineár gréasáin eolais d’iarratasóirí na gairme seo ar an 24 Márta 2023 ag 14.00. Is féidir clárú Register for the webinar.