Osclaíonn suirbhé ar líne mar chuid den chomhairliúchán poiblí ar an Straitéis Náisiúnta don Earnáil Ghairneoireachta
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD agus an tAire Stáit um Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht le freagracht speisialta as Gairneoireacht, an Seanadóir Pippa Hackett fáilte inniu roimh an gcéad chéim eile den chomhairliúchán poiblí ar fhorbairt Straitéise Náisiúnta don earnáil Ghairneoireachta. Tá suirbhé ar líne ar fáil anois do pháirtithe leasmhara lena n-áirítear iad siúd lasmuigh den earnáil féin chun measúnú a dhéanamh ar na fachtóirí agus na gníomhartha trasghearrtha atá leagtha amach i dtuarascáil KPMG ar Dheiseanna d'earnáil Gairneoireachta na hÉireann agus chun tosaíocht a thabhairt dóibh. Cabhróidh aighneachtaí a gheofar, i gcomhar le hanailís costais is tairbhe agus tuilleadh taighde deisce, chun bonn eolais a chur faoi threochlár straitéiseach chun earnáil bhreisluacha níos brabúsaí a fhorbairt atá á stiúradh ag inbhuanaitheacht agus nuálaíocht. Tá an Straitéis Náisiúnta Gairneoireachta go dtí 2030 le foilsiú i Ráithe 1 2023.
Tá an suirbhé ar fáil le comhlánú ag: https://ec.europa.eu/eusurvey/runner/Horticulturesectorstrategydevt
4pm an 30 Samhain 2022 an spriocdháta le haghaidh freagraí.
Is féidir aighneachtaí i scríbhinn a sheoladh freisin chuig horticulturestrategy@agriculture.gov.ie nó iad a sheoladh sa phost chuig an Rannóg um Shláinte Gairneoireachta agus Plandaí, Bacastún, Cill Droichid, Co. Chill Dara W23 X3PH.
Dúirt an tAire McConalogue
“Tá líon suntasach gníomhartha beartaithe sa tuarascáil thábhachtach seo a d'fhéadfadh cur le fás don earnáil. Níl aon réiteach amháin simplí ann agus caithfear acmhainní a leithdháileadh ar na háiteanna is mó a bheidh tionchar acu. Cabhróidh an chéim chomhairliúcháin seo le bonn eolais a chur faoi na gníomhartha tosaíochta a dtabharfar aghaidh orthu sa Straitéis Náisiúnta nua don earnáil. Is earnáil í seo ar mhaith liom a fheiceáil ag fás agus ag déanamh go maith san am atá romhainn agus sílim go mbeidh ról tábhachtach ag an tuarascáil seo.”
D'fháiltigh an tAire Hackett, atá le bheith ina chomhchathaoirleach ar chruinniú den Fhóram an Tionscail Ghairneoireachta Dé Céadaoin an 26 Deireadh Fómhair, roimh an deis aiseolas a fháil ó pháirtithe leasmhara ábhartha eile.
“Táim ag súil le bualadh le hionadaithe na hearnála Dé Céadaoin agus a dtuairimí ar na deiseanna atá leagtha amach sa tuarascáil a chloisteáil go pearsanta. Mholfainn do pháirtithe leasmhara eile, áfach, aighneacht a dhéanamh freisin. Tugann sé seo deis do smaointeoireacht chomhleanúnach ar an mbealach is fearr chun an earnáil seo a fhás.”