Osclaítear rogha do thréimhse thagartha nua BEAM
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D, feirmeoirí agus comhairleoirí ar an eolas inniu go bhfuil an áis chun an tréimhse laghdaithe 12 mhí níos déanaí don Bheart Cúnaimh Éigeandála Mairteola (BEAM) ar fáil anois ar agfood.ie.
Beidh ón lá inniu, an 19 Márta go dtí Dé Luain, an 21 Meitheamh 2021 ag feirmeoirí chun an tréimhse laghdaithe 12 mhí níos déanaí ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021 a roghnú, más mian leo sin a dhéanamh.
Meabhraítear d’fheirmeoirí agus comhairleoirí gur mar an gcéanna a bheidh tréimhse thagartha an 1 Iúil 2018 go dtí an 30 Meitheamh 2011 agus nach mór do rannpháirtithe méid an laghdaithe 5% a sholáthar fós féin. Ní bhainfidh tréimhse nua an laghdaithe ach leis na feirmeoirí siúd a roghnaíonn iarratas a dhéanamh ar athrú. Is féidir leis na feirmeoirí siúd atá ar an mbóthar ceart chun na spriocanna laghdaithe nítrigine 5% a bhaint amach, an tréimhse thagartha bhunúil, a chríochnóidh an 30 Meitheamh, a úsáid.
Dúirt an tAire,
“Thug mé tús áite do thréimhse thagartha BEAM a athrú ó ghlac mé leis an oifig seo mar gheall gurbh eol dom go raibh baol roimh go leor feirmeoirí an tréimhse thagartha bhunúil a éalú. D’éirigh liom toiliú a fháil ón gCoimisiún Eorpach le hathrú na tréimhse tagartha a éascú agus spreagaim feirmeoirí anois an tsolúbthacht uasta seo a úsáid chun gach rud a dhéanamh is féidir leo chun riachtanais na scéime a shásamh. Caithfidh feirmeoirí glacadh le cur chuige réamhghníomhach lena sheachaint bheith thíos le pionóis.
“Leanfaidh mo Roinn le hidirchaidreamh a dhéanamh le feirmeoirí chun eolas a chur ar fáil dóibh faoina bhfigiúirí is déanaí chun a gcás a chur in iúl dóibh.”
Mheabhraigh an tAire McConalogue d’fheirmeoirí go bhfuil Áireamhán Níotráit Bhólachta BEAM na Roinne ar fáil ar agfood.ie agus tá sé á nuashonrú gach mí. Spreag sé rannpháirtithe úsáid a bhaint as an réimse uirlisí atá ar fáil, an litir mhíosúil ina measc a sheoltar chuig gach rannpháirtí BEAM ina dtugtar cuntas ar a ndul chun cinn aonair go dtí seo ar an laghdú 5% a bhaint amach agus idirchaidreamh a dhéanamh lena gcomhairleoir.
Chuir an tAire rannpháirtithe ar an eolas freisin gur cheart dóibh rogha na tréimhse tuairiscithe níos déanaí (an 1 Eanáir 2021 – an 31 Nollaig 2021) a roghnú. Leanfar le litreacha míosúla a fháil a bhaineann lena ndul chun cinn ar an laghdú 5% a bhaint amach laistigh den tréimhse reatha laghdaithe, an 1 Iúil 2021 – an 31 Nollaig 2021. Má shainaithníonn an Roinn, i ndiaidh an 30 Meitheamh 2011, gur bhain rannpháirtithe an laghdú 5% amach i rith na tréimhse laghdaithe reatha (an 1 Iúil 2020 – an 30 Meitheamh 2021), cuirfidh an Roinn rannpháirtithe ar an eolas agus ceadófar dóibh aistarraingt ón tréimhse laghdaithe níos déanaí.
Nótaí don Eagarthóir:
Chuir an Beart Cúnaimh Eisceachtúil Mairteola (BEAM) cúnamh coigeartaithe eisceachtúil sealadach ar fáil d’fheirmeoirí san earnáil mhairteola in Éirinn, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i Rialachán Forfheidhmiúcháin (AE) 2019/1132 Choimisiún an AE. Cistíodh BEAM trí mheascán de chúnamh AE agus tacaíocht an Státchiste. Cuireadh ar fáil é chun tacú le feirmeoirí mairteola Éireannacha a thug faoi deara gur tháinig titim ar phraghsanna mairteola i gcomhthéacs cur isteach ar an margadh.
Tá eolas breise ar fáil ag www.gov.ie/en/service/7cdaed-beef-exceptional-aid-measure-beam/
CRÍOCH