Osclaítear Clár Forbartha Agraibhia na hAfraice d’iarratais
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney, T.D., gairm inniu le chéile ar iarratais ar Chlár Forbartha Agraibhia na hAfraice (AADP).
Comhoibriú idir an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara é an AADP faoina bhfuil cuideachtaí agraibhia na hÉireann incháilithe cistiú comhfhreagrach a mhéid le €250,000 a fháil chun tionscadail tráchtála a fhorbairt san Afraic a théann chun sochair pobal áitiúil. Tacaíonn an AADP freisin le staidéar indéantachta.
Dúirt an tAire McConalogue agus cuireadh á thabhairt aige d’iarratais:
“Tá gliondar croí orm go bhfuil tacaíocht á tabhairt ag mo Roinn arís eile do Chlár Forbartha Agraibhia na hAfraice. Cuireann an AADP ar chumas cuideachtaí agraibhia Éireannacha a saineolas talmhaíochta a ghiaráil comhpháirtíocht a dhéanamh le cuideachtaí Afracacha fiontair inbhuanaithe bhia áitiúla a fhorbairt; tacú le borradh teacht ar mhargaí le haghaidh torthaí áitiúla; agraibhia comhthrádáil a éascú idir Éirinn agus an Afraic”.
Dúirt an tAire Coveney freisin:
“Is é cuspóir Chlár Forbartha Agraibhia na hAfraice cuideachtaí agraibhia Éireannacha agus Afracacha oibriú as lámh a chéile i gcomhpháirtíochtaí nua nuálacha. Is í an talmhaíocht an rud is tábhachtaí chun acmhainn ollmhór gheilleagrach na hAfraice a shaothrú, díreach faoi mar a rinne sé in Éirinn. Thug mé faoi deara conas a bhain an AADP rath tráchtála amach fad a chuir sé le forbairt inbhuanaithe pobal áitiúil, sa Chéinia, mar shampla, áit a dtacaíonn sé le hathbheochan ar an tionscal síolta práta. Cruthaíonn sé tairbhí dúinn go léir na ceachtanna a roinnt a d’fhoghlaimíomar nuair a bhí ár dtalmhaíocht á hathrú ó bhonn againn lenár gcomhpháirtithe san Afraic. Creidim go bhfuil páirt ar leith ann seo le glacadh ag gnó talmhaíochta, a ndearnadh gnó den chéad scoth de le roinnt mhaith blianta anuas, agus is é an AADP an bealach a thacaímid leis seo.”
Caithfear iarratais ar thacaíocht an AADP a sheoladh ar aghaidh ar líne. Is féidir teacht ar shonraí faoin gclár ag: https://www.dfa.ie/our-role-policies/international-priorities/africa/AADP/
Is é an dáta deiridh chun iarratais a fháil an 30 Iúil 2021.
Cuireann an AADP tacaíocht ar fáil do chuideachtaí Éireannacha a oibríonn i gcomhpháirtíochtaí le Cuideachtaí Afracacha nó ar spéis leo comhpháirtíochtaí a bhunú le Cuideachtaí Afracacha in 18 dtír fho-Shaháracha san Afraic: An Bhotsuáin, Cóte d’Ivoire, an Aetóip, Gána, an Chéinia, an Libéir, an Namaib, an Nigéir, an Mhaláiv, Mósaimbíc, Ruanda, an tSeineagáil, Siarra Leon, an Afraic Theas, an Tansáin, Uganda, an tSaimbia agus an tSiombáib. Bainfear airgeadas do Chlár Forbartha Agraibhia na hAfraice ó bhuiséid reatha cúnaimh forbartha thar lear atá ann cheanna féin sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus sa Roinn Gnóthaí Eachtracha (Cúnamh Éireannach).
Leagtar amach i dtuarascáil Thascfhoireann Náisiúnta Thuath na hAfraice (an NTTRA) (atá ar fáil anseo) creat nua chun feabhas agus barr feabhais a chur ar an gcomhordú a dhéantar ar an méid atá á chur faoi láthair ag Éirinn le geilleagar talmhaíochta agus tuaithe na hAfraice a bhunathrú trí shaineolas Ranna Rialtais, Gníomhaireachtaí Stáit, na hearnála príobháidí, na sochaí sibhialta, an tsaoil acadúil agus Dhiaspóra na hAfraice a shaothrú.