Páirc Náisiúnta Chill Airne – fógra go bhfuil Limistéir den Láithreán le Dúnadh
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Beidh limistéir de Pháirc Náisiúnta Chill Airne dúnta Dé Céadaoin an 4 Márta agus Dé Céadaoin an 11 Márta 2020.
Is de bharr go bhfuil an tSeirbhís Náisiúnta Páirceanna agus Fiadhúlra (NPWS) ag déanamh bainistiú ar bhonn leanúnach ar an Tréad Fia atá ann.
Beidh an NPWS ag dul i mbun ciondíothú ar fhianna i rith an lae in aice le Cnoc Rír maidin Dé Céadaoin an 4 Márta agus maidin Dé Céadaoin an 11 Márta 2020. Mar chuid den bheart oibríochta seo, beidh gá srian a chur ar bhonn sealadach leis an teacht atá ag an bpobal ar limistéir áirithe den Pháirc idir 06.30 a chlog agus 11.30 a chlog ar an dá lá sin.
Dúnfar Diméin Chnoc Rír, Cnoc Rír, An Rinn, Prospect, Baile Uí Dhúnaígh agus Belleview don phobal fad is a bheidh na hoibríochtaí bainistithe seo ar siúl.
Tá sé tábhachtach, ar mhaithe le sábháilteacht an phobail, nach mbeadh aon teacht ag coisithe, rothaithe, feithiclí ná ag cóistí capaill ar na láithreáin seo agus iarraimid ar an bpobal aird a thabhairt ar na comharthaí rabhaidh ar fad. Is mór againn bhur gcomhoibriú agus bhur dtuiscint ina leith seo.
Mar chuid d'oibríochtaí bainistithe rialta na seirbhíse, tugann an NPWS faoi chiondíothú fia ar bhonn leanúnach nuair is gá laistigh den Pháirc Náisiúnta. Déantar ardbhainistiú ar na hoibríochtaí ciondíothaithe. Chomh maith le bainistiú rialta a dhéanamh ar líon na bhfianna táthar ag tabhairt faoin gciondíothú ar leith seo i rith an lae le go mbeifear in ann easpa copair sa tréad a fhiosrú.