Iarratas PGI ar Mhairteoil Fhéarbheathaithe Éireannach Ráiteas leis an Aire McConalogue
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
I ndiaidh próiseas fairsing comhairliúcháin le páirtithe leasmhara, cuireadh iarratas táisc chosanta gheografaigh (PGI) ar Mhairteoil Fhéarbheathaithe Éireannach a rinne an Bord Bia, thar ceann táirgeoirí, faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh i mí na Samhna an bhliain seo caite.
D’fhreagair an Coimisiún Eorpach an tseachtain seo don iarratas seo le ceisteanna mionsonraithe teicniúla, atá á scrúdú anois.
Ag an tráth a cuireadh an t-iarratas PGI faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh, scríobh mé chuig an gCoimisinéir Wojciechowski lena chur ar an eolas go dtacódh Éire leis an PGI a shíneadh ar bhonn uile-oileáin, nuair atá córas deimhnithe fhéarbheathaithe i bhfeidhm i dTuaisceart Éireann.
Nuair a bheidh na ceisteanna atá faighte réitithe chun sásaimh an Choimisiúin, is éard a bheidh sa chéad chéim eile den phróiseas ‘imeachtaí freasúra an AE’ a fhoilsiú, i.e., próiseas comhairliúcháin do pháirtithe leasmhara ó Bhallstáit eile an AE nó ó thríú tíortha.
Ina fhreagairt, thug an Coimisiún le fios go háisiúil go mbeadh Tuaisceart Éireann in ann aighneacht a dhéanamh mar chuid de na ‘imeachtaí freasúra’, a iarrfaidh go sínfear an ceantar tíreolaíochta le hoileán iomlán na hÉireann a chuimsiú. Thug an Coimisiún le fios gur cheart caitheamh leis an bpróiseas seo mar ‘imeacht cairdiúil’ neamhchoimhlinteach. Is deas liom gur thug an Coimisiún le fios freisin go mbeadh sé ar fáil le páirt a ghlacadh in aon phlé cuí chun cabhrú leis an bpróiseas. Tá idirphlé leanúnach á dhéanamh ag mo Roinn agus an Bord Bia lena gcontrapháirteanna i dTuaisceart Éireann ar na saincheisteanna seo ón samhradh an bhliain seo caite.
Ní mór dom an bhéim a leagan air go bhfuil próiseas breithniúcháin á dhéanamh go fóill ar an iarratas PGI mar gheall nár chuir an Coimisiún Eorpach iniúchadh an iarratais i gcrích go fóill.
Céim dhearfach chun cinn atá sa chumarsáid seo a rinne an Coimisiún, áfach, agus is rídheas liom gur cuireadh mo dhearcthaí san áireamh maidir le Tuaisceart Éireann a chuimsiú. Teastaíonn uaim go gcruthóidh an PGI ar Mhairteoil Fhéarbheathaithe Éireannach fíorthairbhí agus tairbhí inbhraite dár bhfeirmeoirí mairteola trí ghníomhú mar bhealach chun luachanna níos airde a chur chun cinn don táirge den chéad scoth a dhéanann ár dteaghlaigh feirme a tháirgeadh.
CRÍOCH