Pobail chun tairbhe a bhaint as luachanna méadaithe na talamh criosaithe i reachtaíocht nua
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhoilsigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD, inniu (14 Aibreán) an Scéim Ghinearálta nuashonraithe don Bhille um Chomhroinnt Luach Talún agus Criosanna Forbartha Uirbí. Forálann an reachtaíocht do mhuirear nua Comhroinnt Luach Talún (CLT) de 30% ar an difríocht idir luach úsáide reatha agus luach margaidh ar thalamh atá criosaithe le haghaidh tithíochta.
Tá sé mar aidhm ag CLT a chinntiú go mbaineann údaráis áitiúla agus pobail leas as sciar níos cothroime i méaduithe ar luach talún a eascraíonn as cinntí Stáit maidir le criosú talún. Chun a chinntiú go mbaineann pobail leas as, déanfar gach ioncam CLT a imfhálú don bhonneagar cumasúcháin a theastaíonn chun tacú le forbairt, lena n-áirítear tithíocht.
Ag labhairt ar Scéim Ghinearálta an Bhille, dúirt an tAire O’Brien:
“Is garsprioc thábhachtach eile é an reachtaíocht seo i dtreo athchóiriú bunúsach ar fhorbairt uirbeach, ar bhainistiú talún agus ar sholáthar tithíochta in Éirinn. Faoin reachtaíocht seo, gheobhaidh pobail leas níos mó as cinntí criosaithe Stáit. Beidh tionchar freisin ag Comhroinnt Luach Talún ar idirbhearta talún agus é mar aidhm aige teorainn a chur leis an tuairimíocht a théann i bhfeidhm ar phraghsanna talún, agus dá réir sin, costas na tithíochta.
“Caoga bliain ó shin, sainaithníodh an fhadhb seo i dTuarascáil Kenny agus tá áthas orm freagra a thabhairt ar deireadh a thabharfaidh aghaidh ar dhúshlán ilbhliantúil i mbainistíocht talún in Éirinn agus a chuideoidh le soláthar níos mó tithíochta agus bonneagar gaolmhar a chinntiú amach anseo. Ba bhuaic naoi mí dhéag oibre an Scéim Ghinearálta Bille seo agus táim ag tnúth lena dhul chun cinn trí dhá Theach an Oireachtais.’’
Faoi láthair, níl méaduithe suntasacha ar luach talún a eascraíonn as criosú roinnte go leordhóthanach leis an Stát. I ndeireadh na dála is iad na daoine a cheannaíonn nó a fhaigheann tithe nua ar cíos, chomh maith le pobail nua ina mbíonn an gá le bonneagar agus áiseanna is mó go minic, an costas. Leagadh béim ar na saincheisteanna seo chomh fada siar le Tuarascáil Kenny i 1973, agus le déanaí ag daoine eile lena n-áirítear an Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta, a dúirt go gcaithfidh Éire athrú bunúsach a dhéanamh ina córas forbartha uirbí, bainistíochta talún agus soláthar tithíochta. Bainfidh na tograí CLT reatha cothromaíocht chuí amach idir cosaint chearta maoine aonair agus ról an Stáit chun gníomhú ar mhaithe le leas an phobail, ag léiriú aidhmeanna agus cuspóirí Thuarascáil Kenny.
Táthar ag súil go dtiocfaidh méadú suntasach ar ioncam d'údaráis áitiúla de bharr tabhairt isteach CLT. Fuarthas amach in anailís eacnamaíoch ar na moltaí go bhféadfadh CLT, nuair a chuirtear i gcomhar le hoibleagáidí pleanála atá ann cheana, cuid shuntasach den mhéadú iomlán ar luach iomlán na talún a ghabháil ó cheadanna creasa agus pleanála. Nuair a chuirtear oibleagáidí tithíochta sóisialta agus inacmhainne Cuid V agus Ranníocaíochtaí Forbartha Alt 48 agus 49 i bhfeidhm, d’fhéadfadh sé seo a bheith os cionn 50% faoi réir fachtóirí a bhaineann go sonrach leis an suíomh. Bainfidh údaráis áitiúla úsáid as an oibleagáid CLT, ag gníomhú dóibh ar son na bpobal, chun cabhrú leis an mbonneagar is gá a sholáthar chun gur féidir tithíocht a fhorbairt, agus chun na háiseanna agus na seirbhísí a theastaíonn ó phobail a sholáthar.
Déanann Scéim Ghinearálta an Bhille foráil freisin do Chriosanna Forbartha Uirbí (CFU), coincheap nua sa chóras pleanála. Áireoidh siad seo limistéir mhórscála nach mbaintear úsáid astu go leor agus a bhfuil an poitéinseal ann d'fhorbairt shuntasach do thithíocht agus cuspóirí eile, go ginearálta laistigh de nó gar do lonnaíochtaí atá ann cheana féin.
Beidh próiseas dhá chéim i gceist le hainmniú na limistéar seo, ag tosú le sainaithint na gceantar mar CFUanna Iarrthóra laistigh den phlean forbartha áitiúil ag comhaltaí tofa tar éis comhairliúcháin phoiblí agus measúnú comhshaoil. Ina dhiaidh sin, féadfaidh an t-údarás áitiúil faomhadh an Rialtais a lorg le haghaidh ainmniú foirmiúil CFU, rud a thabharfaidh cinnteacht maoinithe do bhonneagar a chumasú lena chinntiú go bhforbrófar na limistéir seo go tráthúil.
Féadfaidh údarás áitiúil scéim mhionsonraithe forbartha a ullmhú freisin chun níos mó cinnteachta a thabhairt maidir le máistirphleanáil ar fad nó cuid den limistéar. Beidh ceart achomhairc maidir leis an scéim chuig an mBord Pleanála ann agus ina dhiaidh sin, déanfar toilithe d’iarratais phleanála atá comhsheasmhach leis an scéim a chur ar aghaidh go tapa. Cinnteoidh na criosanna seo forbairt níos fearr a bheidh treoraithe ag plean, le comhairliúchán ar mháistirphlean ag an tús, ach gan aon dul i muinín gach iarratas forbartha aonair. Tá an coincheap CFU bunaithe ar mhúnla an Chrios Forbartha Straitéisí atá ann cheana féin.
Agus é ag tagairt do chomhpháirteanna CFU na reachtaíochta, dúirt an tAire Stáit don Rialtas Áitiúil agus Pleanáil, Kieran O’Donnell TD:
“Mar thoradh ar Chriosanna Forbartha Uirbí beidh cur chuige bunaithe ar phlean i leith na forbartha. Beidh príomhról ag údaráis phleanála agus tionóil réigiúnacha maidir le láithreáin fhéideartha Chrios Forbartha Uirbigh a shainaithint – dul i dteagmháil agus dul i gcomhairle leis an bpobal, lena n-áirítear le húinéirí talún agus le geallsealbhóirí eile chun suíomhanna a d’fhéadfadh a bheith oiriúnach do thithíocht a aithint agus a chur in ord tosaíochta. Éascóidh sé seo cinnteacht ag céim an mháistirphleanála maidir le forbairt incheadaithe, as a dtiocfaidh próiseas pleanála níos sruthlínithe.’’
Dúirt an tAire Stáit d'Oidhreacht agus Athchóiriú Toghcháin, Malcolm Noonan TD:
"I ndeireadh na dála, ceadóidh an reachtaíocht seo, má achtaítear í, don Stát an príomhbhonneagar a theastaíonn do thithíocht a bhfuil géarghá leis a sholáthar, rud a chuirfidh dlús le soláthar tithíochta dá bharr. Tagann sé le cothromaíocht idir gnóthachan níos mó agus níos cothroime do phobail nuair a chumasaíonn an Stát tithíocht trí chriosú nó ainmniú talún le haghaidh forbartha, agus cearta maoine Bunreachtúla daoine aonair.”Mar fhocal scoir, dúirt an tAire O’Brien:
“Agus Cáin Thalamh Criosaithe Chónaithe Tithíocht do Chách á gcur i bhfeidhm agus athchóiriú ar an gcóras pleanála, tá an Rialtas ag cinntiú cur chuige níos cothroime agus go dtógfar tithíocht níos tapúla agus gan aon chostais amhantrach gan ghá mar gheall ar mhíbhainistíocht talún.’’
Táthar ag súil go ndéanfaidh an Comhchoiste Oireachtais um Thithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht grinnscrúdú réamhreachtúil ar Scéim Ghinearálta an Bhille sna seachtainí atá romhainn.
CRÍOCH
Foilseoidh na húdaráis áitiúla go léir léarscáil a thaispeánfaidh na tailte atá laistigh de scóip an CLT (na tailte go léir atá criosaithe le haghaidh úsáide cónaithe agus measctha, lena n-áirítear cónaithe) i mí an Mhárta 2024.
Ceanglófar ar úinéirí talún ‘neamhfhorbartha go substaintiúil’ (tailte atá sainaitheanta ar léarscáileanna deiridh Cánach Talún Criosaithe Cónaithe, atá á bhfoilsiú i mí na Nollag 2023) a thagann faoi raon feidhme CLT (cé is moite d’úinéirí maoine cónaithe laistigh de na tailte sin) féinmheasúnuithe a chur isteach Luach Úsáide Reatha agus Luach Margaidh na dtailte. Caithfidh siad é sin a dhéanamh faoin 01 Iúil 2024. Cuirfidh an t-údarás pleanála ábhartha iad ar Chlár na CLT ansin.
Tá an próiseas bunaithe ar mhodheolaíocht féinmheasúnaithe. Féadfaidh an t-údarás pleanála, áfach, measúnú a dhéanamh ar na luachálacha féinmheasúnaithe a cuireadh isteach ag am ar bith, agus féadfaidh sé an luacháil a leasú dá réir. Sa chás go dtarlaíonn sé seo, féadfaidh an t-úinéir talún achomharc a dhéanamh chuig an mBinse Luachála i gcoinne luachála an údaráis phleanála. Beidh aon chinneadh a dhéanfaidh an Binse Luachála ceangailteach ar an dá pháirtí.
Go ginearálta, beidh oibleagáid CLT i bhfeidhm le himeacht ama maidir le gach úinéir talún a bhaineann leas as ardú ar luachanna talún a eascraíonn as criosú a gcuid talún le haghaidh tithíochta (lena n-áirítear úsáid mheasctha, lena n-áirítear tithíocht) agus le húinéirí talún atá criosaithe le haghaidh forbartha tráchtála. Beidh an muirear i bhfeidhm mar choinníoll d’aon chead pleanála ábhartha a dheonófar d’fhorbairtí ar thalamh ábhartha. Molann an reachtaíocht go mbeadh oibleagáid 30% den ardú ar luach na talún (idir Luach Úsáide Reatha agus Luach Margaidh) ag an am a gcuirtear sonraí na talún faoi bhráid Chlár na CLT.
Áirítear sa reachtaíocht meicníocht trína bhféadfaidh an tAire, le ceadú Thithe an Oireachtais, an ráta CLT a leasú ag féachaint do raon rátaí nach ísle ná 20% agus nach mó ná 30% den difríocht idir Luach Úsáide Reatha agus Luach Margaidh.
Beidh an oibleagáid CLT i bhfoirm coinníoll a ghabhann le haon deontas ábhartha de chead pleanála (mura bhfuil sé íoctha roimh ré). Luafar sa choinníoll go gcaithfear é a íoc roimh thús na forbartha, mura gcomhaontóidh an t-údarás pleanála ábhartha a mhalairt.
Beidh eisceachtaí áirithe ón oibleagáid i bhfeidhm.
Bainfidh eisiaimh áirithe eile le forbairtí:
Coinníonn an cur chuige athbhreithnithe, i gcomparáid le tograí 2021, Ranníocaíochtaí Forbartha Alt 48 (atá nasctha ar leithligh le deonú ceada agus go háirithe le candam na forbartha ceadaithe).
Beidh feidhm ag an mbeart CLT maidir le hiarratais phleanála forbartha tithíochta arna dtaisceadh ó mhí na Nollag 2024 i leith tailte arna n-idirbheartú ón 21 Nollaig 2021. Mar sin féin, tá réamhrá bliana breise beartaithe i leith tailte a rinneadh roimh an 21 Nollaig 2021 (nuair a foilsíodh Scéim Ghinearálta tosaigh an Bhille seo).
Tiocfaidh criosú tráchtála agus tionsclaíochta faoi raon feidhme ó Mhárta 2026 agus beidh ar iarratais a thaiscfear ó Nollaig 2026 ranníocaíochtaí CLT a dhéanamh.
Déanfaidh údaráis áitiúla na luachálacha agus na ranníocaíochtaí a thaifeadadh ar chlár na CLT. Beidh orthu tuairisc a thabhairt ar an gcaoi a gcaitear ranníocaíochtaí maidir le bonneagar, seirbhísí agus áiseanna poiblí a sholáthar. Déanfaidh an tAire monatóireacht freisin ar éifeachtúlacht an bhirt agus tabharfaidh sé tuairisc air laistigh de 5 bliana ó achtaíodh é.