Ráiteas ar an bhForaoiseacht ó na hAirí Charlie McConalogue agus Pippa Hackett
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bhuaileamar inniu le comhaltaí d’Fheirmeoirí Aontaithe na hÉireann a bhí ag déanamh agóide in aghaidh an ráta ag a bhfuil ceadúnais fhoraoiseachta á mbronnadh ar fheirmeoirí aonair ag ár roinn.
Bhí dea-scéala againn dóibh i dtaca le feabhas a tharla le déanaí, agus dúramar leo freisin, cé go nglacaimid leis go bhfuil saincheisteanna le réiteach, creidimid go bhfuilimid ag dul i ngleic leo go láidir, go deimhin le cabhair agus comhoibriú uathasan, tríd an Tionscadal Coillearnach.
Maidir le figiúirí, mhíníomar gur eisíodh 411 ceadúnas i Meitheamh na bliana seo. Ba cheadúnais phríobháideacha 80% díobh sin, an líon is airde de cheadúnais phríobháideacha a eisíodh i mí amháin le cúig bliana anuas. Thugamar na sonraí is déanaí dóibh freisin mar gheall ar mhéadú sa líon foirne, i dtéarmaí éiceolaithe, cigirí agus riarthóirí.
Dhíríomar freisin, áfach, ar an tsaincheist níos leithne, is é sin fís a cheapadh don fhoraoiseacht in Éirinn do na 100 bliain atá romhainn. Mar thír, ní mór dúinn bheith ar aon intinn maidir leis an rud atá ag teastáil uainn ionas go n-oibreoidh ár gcoillearnach agus ár bhforaoiseacha ar mhaithe lenár bpobail, ár dtionscail agus ár mbithéagsúlacht.
Le cabhair ó na feirmeoirí atá ag déanamh agóide inniu agus páirtithe leasmhara eile, tá Tionscadal Coillearnach ag obair chun na saincheisteanna reatha a réiteach agus, ag an am céanna, ag obair ar an bhfís fhadtéarmach. I gceist leis seo, beidh gá d’ionadaithe ó na páirtithe leasmhara go léir teacht le chéile i ngrúpaí oibre in éineacht le hoifigigh agus le saineolaithe seachtracha, chun an riaráiste a réiteach, athchóiriú a dhéanamh ar an bpróiseas, oiriúnú a dhéanamh ar struchtúir eagraíochtúla, agus an straitéis nua sin a chumadh.
Is próiseas é atá ag tabhairt deis labhartha dáiríre do gach duine atá páirteach agus tá ag éirí go maith leis.
Ceann de na rudaí a d’iarr grúpaí amháin go luath ar an Aire Hackett ná go ndéanfadh sí bunathbhreithniú rialála ar an gcóras ceadúnaithe, agus ar na próisis atá á leanúint ag Ballstáit eile. D’iarr an Coiste Oireachtais agus páirtithe leasmhara freisin go ndéanfaí a leithéid d’athbhreithniú. Agus d’iarr an tAire Hackett ar Bhord an Tionscadail é sin a chur chun cinn láithreach.