Ráiteas ón Aire Sláinte - Dé Céadaoin 22 Meitheamh 2022
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu bhuail an tAire Sláinte Stephen Donnelly le hoifigigh shinsearacha óna roinn féin, agus ó FSS, chun plé a dhéanamh ar fhreagraí láithreacha ar na brúnna atá ar na 29 Roinn Éigeandála ar fud na tíre faoi láthair.
Áiríodh leis na cainteanna sin rannpháirtíocht shonrach maidir leis an Roinn Éigeandála ag Ospidéal na hOllscoile, Luimneach i gcomhthéacs na mbrúnna ar leith atá ar an ospidéal sin, agus na tuarascálacha le déanaí ó HIQA agus ó Shainfhoireann FSS a imlonnaíodh go Luimneach le déanaí ar iarratas an Aire.
Bhí an Sainfhoireann sin i measc na n-oifigeach a bhí páirteach i gcainteanna an lae inniu.
Bhí áthas ar an Aire a fháil amach, mar thoradh ar an idirghabháil a d’iarr sé, agus ar thuarascáil HIQA le déanaí, go bhfuil Príomhoifigeach Oibríochtaí FSS tar éis scríobh chuig POF Ghrúpa Ospidéal Ollscoil Luimnigh, agus chuig Príomhoifigeach Chúram Sláinte Phobail an Mheán Iarthair, ag cur in iúl dóibh go bhfuil sainordú tugtha aici don Aonad Feabhsaithe Bainistíochta Feidhmíochta (PMIU) den FSS dul i dteagmháil go práinneach leis an nGrúpa Ospidéal agus leis an CHO faoi Chreat Cuntasachta Feidhmíochta FSS.
Cuirfidh an PMIU diantacaíocht ar fáil d’fhoirne ospidéil agus pobail lena chinntiú go dtabharfar aghaidh ar na saincheisteanna a aithníodh sa mheasúnú le déanaí, agus i dtuarascáil HIQA, ar bhonn práinne.
Cé go n-aithnítear go bhfuil an clár infheistíochta in acmhainn ospidéil agus pobail sa réigiún ar siúl go leanúnach, cinnteoidh an PMIU go nglacfar gach beart riachtanach láithreach chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sábháilteachta a aithníodh, lena n-áirítear róphlódú ainsealach. Déanfar plean mionsonraithe a fhorbairt go práinneach lena chinntiú nach dtarlóidh siad arís. Áireoidh pleanáil dá leithéid saincheisteanna lena n-áirítear; seachaint iontrála, réamhiontrálacha, idirghabhálacha pobail agus conairí malartacha chomh maith le saincheisteanna maidir le gluaiseacht othar tríd an ospidéal agus an Roinn Éigeandála.
Tá fáilte curtha ag an Aire Donnelly roimh an ngníomh seo agus thug sé le fios go soiléir go gcuirfear gach acmhainn láithreach riachtanach ar fáil chun a chinntiú go n-athbhunófar leibhéil chúraim atá sábháilte agus cuí i Luimneach gan mhoill.