Ráiteas ón Aire Sláinte maidir le Feidhmiú Rogha Pobail an AE/LEE ar Chláir Oiliúna Leighis Iarchéime
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, ag athrú an bheartais maidir le cur i bhfeidhm Rogha Pobail an AE/LEE ar chláir oiliúna leighis iarchéime, ag Comhlachtaí Oiliúna Leighis Iarchéime, rud a fhágann go bhfuil sé nos éasca do shaoránaigh neamh-AE a ngairmeacha beatha a chur chun cinn.
Is athrú suntasach beartais é seo a thabharfaidh níos mó deiseanna gairme do dhochtúirí gairme neamh-AE/LEE a chuidigh go mórmhór lenár seirbhís sláinte. Go dtí seo, chuir na Comhlachtaí Oiliúna Leighis Iarchéime rogha pobail an AE/LEE i bhfeidhm ar iarratas ó FSS agus An Roinn Sláinte mar chuid den bheartas náisiúnta neamhthuilleamaíochta. Bhí sé seo ag teacht le moltaí na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) ar neamhthuilleamaíocht naisiúnta i dtáirgeadh dochtúirí.
Dúirt an tAire Donnelly:
"Is fada a d’aithin mé an ról suntasach atá ag náisiúnaigh neamh-LEE i seirbhís sláinte na hÉireann agus, i mí na Samhna 2020 d’fhógair mé athruithe ar Acht na Lia-Chleachtóirí 2007, a chur deireadh leis na bacainní atá roimh roinnt dochtúirí neamh-LEE maidir le hiarratais a dhéanamh ar chláir oiliúna náisiúnta.
"Léiríonn athruithe an lae inniu mo thiomantas leanúnach d’oiliúnaithe leighis ar ardchaighdeán a earcú, rud atá riachtanach chun cúram ar ardchaighdeán d’othair a sholáthar do shaoránaigh. Tá an-áthas orm a fhógairt go mbeidh feidhm ag an athrú beartais seo ar phróiseas earcaíochta iontógáil iarchéime Iúil 2022 a bheidh ar siúl an fómhar seo.
"Tacaíonn ár gcomhlachtaí oiliúna, na príomhoifigigh acadúla inár ngrúpaí ospidéil agus go leor abhcóidí do chomhionannas inár seirbhís sláinte leis an athrú beartais. Leanfaidh mé ag obair le FSS agus le Comhlachtaí Oiliúna Leighis Iarchéime chun líon na n-áiteanna oiliúna atá ar fáil a mhéadú de réir riachtanais phleanála an fhórsa saothair leighis."
Tá an cinneadh seo bunaithe ar athbhreithniú ar an mbeartas a rinne An Roinn Sláinte. Tá sé i gceist ag an Aire an beartas a leasú anois chun gach Sealbhóir Víosa* Stampa 4 a chur san áireamh.
As seo amach, leithdháilfear áiteanna oiliúna speisialaithe atá ar fáil ar an gcéad dul síos ar na hiarrthóirí sin atá, tráth an iarratais, ina saoránaigh d’Éirinn nó ina náisiúnaigh de Bhallstát eile den Aontas Eorpach, Sealbhóirí Víosa Stampa 4 agus náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe.
*Tá cead ag sealbhóirí víosa Stampa 4 fanacht in Éirinn ar feadh tréimhse sonraithe, faoi réir coinníollacha.
Tá Stampa 4 ináirithe mar áit chónaithe agus iarratas á dhéanamh ar shaorántacht trí eadóirseacht.
Tar éis próiseas earcaíochta iomaíocha, déanann an comhlacht oiliúna áiteanna oiliúna speisialtóra iarchéime atá ar fáil a leithdháileadh ar an gcéad dul síos ar na hiarrthóirí sin a bhí ina saoránaigh d’Éirinn nó náisiúnaigh de Bhallstát eile den AE tráth an iarratais. Áirítear leis seo náisiúnaigh neamh-LEE a mheastar a bheith ina mbaill teaghlaigh cháilitheacha nó cheadaithe de náisiúnaigh de Bhallstát AE faoi Threoir an AE 2004/38/EC (Treoir Saorghluaiseachta) arna aistriú i ndlí baile na hÉireann, Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Saorghluaiseacht Daoine) 2015. A.I Uimh 548 de 2015 agus tugadh an ceart cónaithe nó buanchónaithe dóibh (is é sin sealbhóirí Stamp 4 EUFAM INIS nó sealbhóirí Stampa 4 IRP de bhua an phósta nó an spleáchais).
Cuireann na comhlachtaí Oiliúna Leighis Iarchéime EU/EEA rogha pobail i bhfeidhm ar iarratas ó FSS agus ón Roinn Sláinte mar chuid den bheartas náisiúnta neamhthuilleamaíochta. Is iad Alt 12(7) den Acht um Chomhionannas Fostaíochta 1998 agus Treoir an AE 2004/38/EC (Treoir Saorghluaiseachta) an bunús reachtach chun rogha pobail an AE a chur i bhfeidhm i bpróiseas earcaíochta na gComhlachtaí Oiliúna Iarchéime. Déantar treoir FSS ar an bpróiseas leithdháilte d’áiteanna oiliúna iarchéime a shoiléiriú do gach iarrthóir mar chuid den fhaisnéis iarratais a chuirtear ar fáil ar láithreáin ghréasáin an Chomhlachta Oiliúna Iarchéime sula gcuirtear iarratas isteach.