Ráiteas ón bhFhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin 19 Lúnasa 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuair 2 duine bás in Éirinn de bharr COVID-19 a bheith orthu.
Is ionann an líon daoine atá básaithe i gcúinsí a bhaineann le COVID-19 in Éirinn anois ná 1,775* san iomlán. (*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí atá déanta ag an HPSC táthar tar éis 2 bhás a dhí-fhógairt. Tá sé sin léirithe san fhigiúr 1,775.)
Ó mheán oíche Dé Máirt, 18 Lúnasa, tá fógra tugtha don HSPC maidir le 54 cás dearbhaithe de COVID-19. Tá 27,547** cás dearbhaithe de COVID-19 in Éirinn san iomlán ag an bpointe seo. (Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí atá déanta ag an HPSC táthar tar éis 6 chás deimhnithe a dhí-fhógairt. Tá sé sin léirithe san fhigiúr 27,547.)
De na cásanna a tuairiscíodh inniu:
Tá an FSS ag obair chun aon duine a d’fhéadfadh a bheith ina theagmhálaí de na hothair a shainaithint, ionas gur féidir faisnéis agus comhairle a chur ar fáil do dhaoine dá leithéid faoi conas scaipeadh breise den ghalar a chosc.
Soláthraíonn COVID-19 Dashboard faisnéis cothrom le dáta maidir le heochairtháscairí COVID-19 i measc an phobail.
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leasphríomhoifigeach Leighis Gníomhach sa Roinn Sláinte:
"Chun beathaí a shábháil agus an víreas seo a chur faoi chois, ní mór do gach duine an líon daoine lena mbuaileann siad a laghdú sna trí sheachtain atá romhainn. Má dhéanann teaghlaigh agus fostóirí agus eagraíochtaí iarracht mhór, is féidir leis an iarracht chomhchoiteann sin éifeacht ollmhór a bheith aici ar an tras-seoladh pobail, agus cabhróidh sé linn ár dteaghlaigh agus ár bpobal a chosaint ó COVID-19.
"Is féidir fós spórt a imirt, dul go dtí bialann agus bualadh le cairde, ach táimid ag iarraidh oraibh é seo a dhéanamh ar bhealach atá chomh sábháilte agus is féidir. Dírigh isteach ar dhá uimhir faoi leith – 6 agus 15. Ná bíodh níos mó ná 6 duine ar cuairt i do theach agus i do gháirdín, agus taobh amuigh ní cóir níos mó ná 15 duine a bhualadh le chéile, agus fiú ansin ní mór scaradh amach óna chéile."
CRÍOCH
Ba cheart go mbeadh na tosca baoil go dtiocfaidh COVID-19 orainn ar eolas ag gach duine:
Tá Comhairle Sláinte Poiblí do gach saoránach ar fáil anseo.
Bíodh eolas agat ar chomharthaí COVID-19
Is iad siúd: