Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé hAoine, an 23 Eanair 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu ar 52 bás breise a bhaineann le COVID-19.
Tharla 50* de na básanna seo in Eanáir.
Is é 82 bliain meánaois na ndaoine siúd a fuair bás, agus is é an raon aoise idir 39 agus 99 bliain.
Tá 2,870 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Déardaoin, an 21 Eanáir, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 2,371 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 184,279** cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
Amhail 2pm inniu, tá 1,931 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 219 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 78 duine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis: “Is eol dúinn go bhfuil na srianta leanúnacha an-dúshlánach ar dhaoine ach, a bhuíochas leis an obair dhian agus an íobairt a rinne tromlach mór na ndaoine, tá na chéad chomharthaí á dtabhairt faoi deara againn go bhfuil leitheadúlacht níos ísle an ghalair sa daonra. Is é an rud is mó a bhainfidh fíordhul chun cinn amach i dtaobh scaipeadh an víris a laghdú agus na treochtaí reatha inár n-ospidéil agus ár n-aonaid dianchúraim a ísliú ná cloí go dian leis na bearta sláinte poiblí.
“Baineann ríthábhacht le próiseas ‘aimsigh-tástáil-aonraigh COVID-19’ maidir lenár n-iarrachtaí. Tugann ár sonraí le fios dúinn go nglacann sé 4 lá nó níos faide ón uair a thagann comharthaí COVID-19 orthu den chéad uair go dtí go ndéantar tástáil orthu, i measc an tríú cuid de dhaoine. Tá orainn go léir teagmháil a dhéanamh lenár DG a luaithe a thagann comharthaí orainn, chun gur féidir linn ár dteagmhálaithe a rianú agus cosc a chur ar ionfhabhtuithe breise.
“Iarraimid ar gach duine leanúint orthu an deireadh seachtaine seo agus a lámha a ní, casacht a chlúdach, clúdaigh aghaidhe a chaitheamh agus fad 2 mhéadar a choimeád amach ó dhaoine eile. Chun aire a thabhairt dá chéile, tá orainn go léir fanacht sa bhaile, seachas ar chúiseanna bunriachtanacha, chun scaipeadh COVID-19 orainn féin agus ár ndaoine muinteartha a íoslaghdú.”
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH//
***Ba cheart a mheas go bhfuil sonraí faoi chontae sealadach mar gheall gur córas dinimiciúil é an Córas Tuairiscithe náisiúnta Ríomhairithe Galar Tógálach (CIDR) agus tá sonraí faoi chásanna á mbailíochtú agus á nuashonrú go leanúnach.
Contae | **Cásanna an lae inniu |
(go dtí meán oíche an 21Ean2021)| Ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra (go dtí meán oíche an 21Ean2021) | Cásanna Nua le 14 lá anuas**|
(an 21Ean2021)
Éire 2,371 | 1,017.1 | 48,433 | |
Muineachán | 90 | 1,974.4 | 1,212 |
Port Láirge | 154 | 1,567.4 | 1,821 |
Lú | 114 | 1,540.1 | 1,985 |
Loch Garman | 123 | 1,529.5 | 2,290 |
Maigh Eo | 68 | 1,465.8 | 1,913 |
Ceatharlach | 31 | 1,461.4 | 832 |
Luimneach | 96 | 1,221.7 | 2,381 |
Baile Átha Cliath | 757 | 1,087.1 | 14,647 |
Corcaigh | 237 | 1,002.8 | 5,444 |
Dún na nGall | 32 | 975.6 | 1,553 |
Gaillimh | 103 | 968.8 | 2,500 |
An Cabhán | 30 | 962.2 | 733 |
An Clár | 35 | 914.0 | 1,086 |
An Mhí | 96 | 892.6 | 1,741 |
Cill Chainnigh | 28 | 830.4 | 824 |
Tiobraid Árann | 67 | 829.2 | 1,323 |
Cill Dara | 95 | 782.0 | 1,740 |
Ros Comáin | 6 | 773.1 | 499 |
Laois | 17 | 763.9 | 647 |
Uíbh Fhailí | 15 | 676.0 | 527 |
Cill Mhantáin | 59 | 591.9 | 843 |
Ciarraí | 35 | 580.2 | 857 |
Sligeach | 21 | 491.3 | 322 |
An Iarmhí | 32 | 478.8 | 425 |
An Longfort | 22 | 452.6 | 185 |
Liatroim | 8 | 321.4 | 103 |
Ráta na dteagmhas 7 lá 372.6
Meán gluaisteach 5 lá 2,315