Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Céadaoin, an 12 Lúnasa 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Níor cuireadh ach bás amháin nua in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte (an IFCS) inniu.
Tá 1,774 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Dé Máirt, an 11 Lúnasa, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 40 cás nua deimhnithe de COVID-19. Tá 26,838* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
Tá FSS ag oibriú chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh go ndearna na hothair a shainaithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun cosc a chur ar an víreas a scaipeadh níos mó.
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Dheais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
Dúirt an Dr Ronan Glynn, an Príomhoifigeach Leighis Gníomhach, an Roinn Sláinte:
"Nuair a dhéanann an FÉSPN dul chun cinn COVID-19 in Éirinn a rianú agus anailísiú, cuirimid i bhfad níos mó san áireamh ná díreach na figiúirí laethúla. Cé go bhfuil líon cásanna an lae inniu dearfach maidir leis an méid a thugamar faoi deara an deireadh seachtaine seo caite, ábhar buartha dúinn go fóill an méid cásanna atá á dtabhairt le fios, chomh maith lena ndáileadh ar fud na tíre.
"Is ionann anois an meánmhéid cásanna a thugtar le fios go náisiúnta gach cúig lá agus 75 sa lá. Fiú nuair a fhágaimid Cill Dara, Laois agus Uíbh Fhailí as an áireamh uaidh seo, tá an meánmhéid cásanna ardaithe go suntasach i gcás na coda eile den tír (31 cás sa lá) - is fiú a thabhairt chun cuimhne go raibh an meámhéid cásanna a tugadh le fios gach cúig lá go déanach i Meitheamh ní ba lú ná 10 gcás. I gcomhthéacs an mhéid seo, iarraim ar dhaoine chun an fód a sheasamh agus leanúint ag cloí go docht daingean leis an gcomhairle sláinte poiblí."
Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach Samhaltaithe Eipidéimeolaíochta an FÉSPN:
"Mar gheall ar an mbealach a scaiptear an víreas seo, d’fhéadfadh moill a bheith ann idir an tráth a dhéanann sé síoladh agus an tráth a thugaimid faoi deara é ag teacht chun solais inár bpobail. Ar an gcúis seo, oibrímid i dtréimhsí méanmhéid cásanna gach 14 lá agus cúig lá lena chinntiú go bhfuil gach rud á thabhairt faoi deara againn maidir leis an mbealach atá an galar ag gníomhú in Éirinn. Cé go bhfuil figiúirí an lae inniu sách íseal i gcomhthéacs na seachtaine ar leith seo, is tábhachtach go gcuimhnímid gur fada an bóthar atá amach romhainn.
"Is eol dúinn go ndéantar COVID-19 a tharchur nuair a dhéanann daoine teagmháil dhlúth lena chéile. Nuair a iarraimid ort chun cloí le bearta sláinte poiblí agus le comhairle sláinte poiblí, is é an t-aon chuspóir atá aige sin ná teorainn a chur ar an deis a bhíonn ag an galar seo chun scaipeadh tríd an teagmháil dhlúth seo. Is tábhachtach gurb eol do gach duine in Éirinn na rudaí is féidir leo a dhéanamh ina bpobail féin chun cabhrú.
"Is iad siúd: teorainn a chur ar ár dteagmhálaithe, suíomhanna plódaithe taobh istigh a sheachaint, aird dhlúth a thabhairt ar shláinteachas lámh agus riospráide, clúdach aghaidhe a chaitheamh nuair is cuí, Aip Rianaire COVID a úsáid aghaidh féinaonrú a dhéanamh a luaithe a cheapann tú go bhfuil na comharthaí ort. Cuirtear iad seo i bhfeidhm ar fud na tíre, ní hamháin i gcontaetha Chill Dara, Laoise agus Uíbh Fhailí."
Dúirt an Dr Siobhán Ní Bhriain, Síciatraí Comhairleach agus Ceannasaí Cúraim Chomhtháite FSS:
"Gné ríthábhachtach dár bhfreagairt náisiúnta do COVID-19 í tástáil. Cuireann sé ar ár gcumas chun a mhéid cásanna agus is féidir a aimsiú agus chun iad a aonrú go tapa, agus cabhraíonn seo le cosc a chur ar scaipeadh breise. D’impífimis ar dhaoine a n-atreoraítear iad chun go ndéanfar tástáil orthu mar gheall go ndearna siad teagmháil dhlúth le duine a bhfuil an víreas air/uirthi, chun freastal ar an dá thástáil.
"Tá sé an-tábhachtach, má thagann aon chinn de chomharthaí COVID-19 ort, ar nós casachta, fiabhrais, gearranála, nó má chailleann tú do bholadh/bhlas - go ndéanann tú féinaonrú láithreach, agus go nglaonn tú ar do DG láithreach bonn. Ná fan go bhfeicfidh tú. Téigh i mbun gnímh go tapa. Cuirfidh seo teorainn ar an dóchúlacht go ndéanfar an víreas an-tógálach seo a tharchur níos mó."
CRÍOCH
*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh dhá bhás a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 26,838 bás.
Ba cheart go mbeadh na tosca baoil go dtiocfaidh COVID-19 orainn ar eolas ag gach duine:
Tá Comhairle Sláinte Poiblí do gach saoránach ar fáil anseo.
Bíodh eolas agat ar chomharthaí COVID-19
Is iad siúd: