Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Domhnaigh, an 13 Nollaig 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas ar 1 bhás bhreise a bhaineann le COVID-19.
Tá 2,124 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Dé Sathairn, an 12 Nollaig, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 429 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 76,185 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
Amhail 2pm inniu, tá 193 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 31 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 13 dhuine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Táim buartha inniu go bhfuil leitheadúlacht COVID-19 ag fairsingiú arís. Líon mór cásanna é 429 i gcomparáid leis an tréimhse roinnt seachtainí anuas agus tá méadú tagtha anois ar an meán gluaisteach go dtí breis agus 300 cás sa lá.
"Rinne na hiarrachtaí a rinneamar le linn Leibhéal 5 le roinnt seachtainí anuas ráta na dteagmhas 14 lá a ísliú anuas go dtí 78 in aghaidh gach 100,000 duine den daonra, agus bhí an leitheadúlacht ghalair ab ísle san Eoraip in Éirinn agus rinne seo go leor daoine a chosaint agus saol go leor daoine a thabhairt slán, ar deireadh thiar.
"Tugann figiúirí an lae inniu le fios gur gá dúinn go léir ár dteagmhálaithe sóisialta a laghdú anois, ár n-idirghníomhú leo siúd lasmuigh dár dteaghlaigh a theorannú, na rioscaí a chur san áireamh a chruthóidh pé sóisialú a bheartaímid a dhéanamh sa dá sheachtain amach romhainn, chun gur féidir linn go léir sult a bhaint as Nollaig a bheidh chomh sábháilte agus is féidir."
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH
Contae | Cásanna an lae inniu (go dtí meán oíche an 12NOL2020) | Ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra (go dtí an 12NOL2020) | **Cásanna Nua le 14 lá anuas |
(go dtí an 12NOL2020)**|
Éire | 429 | 84.3 | 4,012 |
Dún na nGall | 46 | 219.9 | 350 |
Cill Chainnigh | 18 | 198.5 | 197 |
Lú | 16 | 174.6 | 225 |
Ceatharlach | 8 | 159.8 | 91 |
An Longfort | 11 | 144.3 | 59 |
Muineachán | <5 | 136.8 | 84 |
Luimneach | 30 | 133.9 | 261 |
An Cabhán | 10 | 109 | 83 |
Maigh Eo | 11 | 107.3 | 140 |
Cill Mhantáin | 11 | 103.9 | 148 |
Laois | 22 | 94.5 | 80 |
Baile Átha Cliath | 122 | 94.3 | 1,270 |
Tiobraid Árann | 15 | 81.5 | 130 |
Port Láirge | <5 | 72.3 | 84 |
Uíbh Fhailí | 10 | 68 | 53 |
An Mhí | 15 | 60.5 | 118 |
Gaillimh | 11 | 60.1 | 155 |
Cill Dara | 16 | 56.6 | 126 |
Sligeach | 8 | 48.8 | 32 |
Ros Comáin | <5 | 44.9 | 29 |
Loch Garman | 11 | 36.7 | 55 |
An Clár | <5 | 32 | 38 |
An Iarmhí | <5 | 27 | 24 |
Corcaigh | 20 | 26.2 | 142 |
Liatroim | <5 | 25 | 8 |
Ciarraí | <5 | 20.3 | 30 |