Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Domhnaigh, an 15 Samhain 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas ar 1 bhás bhreise a bhaineann le COVID-19.
Tá 1,979 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Dé Sathairn, an 14 Samhain, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 378 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 67,903* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 1 chás deimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 67,903 cás deimhnithe.)
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
Amhail 2pm inniu, tá 249 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 31 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 5 dhuine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Tá an meánlíon laethúil cásanna 5 lá ag dul in airde agus tá 400 cás sa lá á sárú anois aige. Ábhar buartha é an fhorbairt seo a tugadh faoi deara le cúpla lá anuas. Tá roinnt rudaí á dtabhairt faoi deara againn atá ina gcúis bhuartha. Tá samplaí ann ina bhfuil líonta beaga daoine ag casadh lena chéile ar chuspóirí sóisialta agus a bhfuil neamhaird á tabhairt acu, go bunúsach, ar na teachtaireachtaí tábhachtacha sláinte poiblí. Tá an dul chun cinn a rinneamar go léir á chur i mbaol acu.
"Tá roinnt briseadh amach á thabhairt faoi deara againn fud fad na tíre freisin. Áirítear leo seo, briseadh amach a bhaineann le sochraidí. Tuigimid gur tréimhse dhúshlánach é seo do theaghlaigh ach tá sé an-tábhachtach, mar sin féin, go ndéanaimid gach rud is féidir linn chun cúinsí a sheachaint a chuireann tarchur an víris chun cinn.
"Tharla briseadh amach freisin a bhaineann le suíomhanna ionad oibre. De réir mar a dhruideann seachtain nua oibre linn, tá orainn fanacht sa bhaile, seachas ar chúiseanna bunriachtanacha agus chun aclaíocht phearsanta a dhéanamh laistigh de 5 chiliméadar. Ba cheart do dhuine ar bith ar féidir leis nó léi oibriú as baile, é sin a dhéanamh."
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH