Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Domhnaigh, an 20 Nollaig 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas ar 4 bhás bhreise a bhaineann le COVID-19.
Tá 2,158 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Dé Sathairn, an 19 Nollaig, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 764 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 79,542* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
Amhail 2pm inniu, tá 233 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 29 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 15 dhuine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 mhí anuas.
Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Tá gach táscaire maidir le tromchúise ghalair ag dul sa treo mícheart, agus níos tapúla ná mar a raibh súil againn leis. Tá buairt an-mhór orainn faoin meascán idirghlúine a bheidh ag tarlú i rith shéasúr na Nollag. Ba é ráta na dteagmhas 7 lá i measc daoine idir 19 agus 44 bliain d’aois an 11 Nollaig 106 in aghaidh gach 100,000 duine den daonra, bhí méadú breis agus faoi dhó tagtha ar an ráta seo faoin lá inné go dtí 217 in aghaidh gach 100,000 duine den daonra. Má dhéanann na daoine óga seo teagmháil lena ndaoine muinteartha os cionn 65 bliain d’aois, d’fhéadfadh buaic teacht ar ionfhabhtuithe sa ghrúpa níos leochailí seo. Mar thoradh air seo, thiocfadh patrún an-tromchúiseach galair chun cinn, thabharfaí daoine go dtí an t-ospidéal agus go dtí an t-aonad dianchúraim agus bheadh básanna neamhriachtanacha i gceist.
"Má bhí sóisialú á dhéanamh agat le roinnt seachtainí anuas nó i rith an deireadh seachtaine seo, déan machnamh ar do phleananna don Nollaig go cúramach. An bhfuil sé freagrach casadh le do dhaoine muinteartha atá níos sine ná 65 bliain d’aois níos déanaí an tseachtain seo, má rinne tú teagmháil le go leor daoine? Ar cheart duit do phleananna a chur ar ceal? Ba cheart go mbeadh vacsaín COVID-19 againn go gairid amach anseo. Cinntigh go mbíonn do dhaoine muinteartha beo go fóill chun iad a fháil, trí d’fhad a choimeád amach uathu murar chuir tú srian ar do chuid gluaiseachtaí go dtí seo. Tuigim go bhfuil sé deacair ach má fhanann tú amach ó dhaoine muinteartha breacaosta an Nollaig seo, cosnóidh tú iad - agus íobairt ollmhór a bheadh ann a dhéanfaí ar mhaithe le leas an phobail."
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH