Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé hAoine 25 Nollaig 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh dhá (2) bhás breise a bhfuil baint acu le COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte (IFCS) inniu.
Go dtí seo tá 2,194 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn i gcúiseanna a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Déardaoin, an 24 Nollaig, cuireadh an IFCS ar an eolas maidir le 1.025 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 84,098 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis sa Roinn Sláinte:
"Is féidir liom a dheimhniú go bhfuil an t-athraitheach nua ón Ríocht Aontaithe SARS-CoV-2 aimsithe againn trí sheicheamhú géanóim iomlán a rinneadh ag an Seirbhís Tagartha Náisiúnta maidir le Víris i UCD.
"Déanfar tuilleadh tástála sna laethanta agus sna seachtainí atá le teacht chun a dheimhniú cé chomh forleathan is atá sé anseo. Idir an dá linn, tá sé fíorthábhachtach go bhfanaimid sa bhaile, go seachnaímid an teagmháil shóisialta agus gach saghas taistil nach bhfuil riachtanach.
"Go háirithe, tá sé thar a bheith tábhachtach go ndéanfaidh daoine ata tar éis teacht ón Ríocht Aontaithe iad féin a fhéinaonrú go docht ar feadh 14 lá tar éis dóibh teacht isteach. Ní chóir go ndéanfaidh siad caidreamh le daoine eile, ná cuairt a thabhairt ar dhaoine eile ná dul ag siopadóireacht. Ta FSS i mbun socruithe a dhéanamh chun tástáil a dhéanamh ar daoine a tháinig isteach ón Ríocht Aontaithe le déanaí. Tá sonraí maidir le comhairle agus nósanna imeachta le fáil ag www.hse.ie."
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar COVID-19 Dashboard maidir le príomhtháscairí COVID-19 i measc an phobail.
CRÍOCH