Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé hAoine an 31 Iúil 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Níor cuireadh aon bhásanna nua in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte (an IFCS) inniu.
Tá 1,763 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Déardaoin, an 30 Iúil, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 38 cás nua deimhnithe de COVID-19. Tá 26,065 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
Tá FSS ag oibriú chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh na hothair a dhéanamh a shainaithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun cosc a chur ar an víreas a scaipeadh níos mó.
As 38 cás an lae inniu:
Tugadh 123 cás, ar an iomlán, le fios le dhá lá anuas.
Astú seo:
Dúirt an Dr Ronan Glynn, an Príomhoifigeach Leighis Gníomhach, an Roinn Sláinte:
"Tá olltástáil déanta anois maidir le roinnt briseadh amach a bhfuiltear eolach orthu.
"B’fhéidir go bhfuil níos mó cásanna á dtabhairt faoi deara againn nach féidir linn an locht a chur ar bhriseadh amach nó ar theagmháil dhlúth ina dtaobh. Leanfaidh an Fhoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta le monatóireacht dhlúth a dhéanamh ar an gcás seo sna laethanta amach romhainn."
Thug suirbhé ar dhochtúirí ginearálta (DGanna) le fios nach raibh féinaonrú á dhéanamh ag tromlach mór na n-othar a rinne teagmháil leo mar gheall go raibh comharthaí cosúil le COVID orthu ón tráth a tháinig a gcomharthaí orthu den chéad uair.
Dúirt an Dr Ronan Glynn:
"Ní féidir áibhéil a dhéanamh den tábhacht a bhaineann le haonrú a dhéanamh a luaithe a thagann aon chomharthaí cosúil le fliú ort. Murach an gníomh aonair seo, ní éireoidh linn na slabhraí tarchuir a ghearradh agus cuirfimid go leor daoine i mbaol ionfhabhtú.
"Is tábhachtach go dtuigeann daoine nach ngearrtar aon táille ar sheirbhísí DG nó tástála a bhaineann le COVID-19. Ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh le do DG má bhíonn aon bhuarthaí ort.
"Is iad na sé phríomhrud is gá duit a dhéanamh an deireadh seachtaine seo ná teorainn a chur ar mhéid do líonra agus ar an am a chaitheann tú leo, d’fhad a choimeád, casadh le daoine taobh amuigh, más féidir, do lámha a ní, clúdach aghaidhe a chaitheamh agus Aip Rianaire COVID a íoslódáil."
CRÍOCH
Ba cheart go mbeadh na tosca baoil go dtiocfaidh COVID-19 orainn ar eolas ag gach duine:
Tá Comhairle Sláinte Poiblí do gach saoránach ar fáil anseo.
Bíodh eolas agat ar chomharthaí COVID-19
Is iad siúd: