Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé hAoine, an 7 Bealtaine 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas ar 4 bhás bhreise a bhaineann le COVID-19.
Tá 4,918 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Déardaoin, an 6 Bealtaine, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 434 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 251,904* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 4 chás deimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 251,904 cás deimhnithe.)
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
Amhail 8am inniu, tá 126 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 34 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 15 dhuine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail Dé Céadaoin, an 5 Bealtaine, tugadh 1,700,538 dáileog de vacsaín COVID-19 in Éirinn:
Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Osclófar i bhfad níos mó gnólachtaí an tseachtain seo chugainn agus beidh fostaithe agus custaiméirí ábalta filleadh ar an obair agus tosóidh ár ngeilleagar ag oscailt arís i gceart. Comhartha an-dearfach é seo agus léiríonn sé an obair dhian a rinne an tromlach mór chun leitheadúlacht an ghalair inár bpobail a chur faoi chois.
"Tá sé fíorthábhachtach go mbíonn úinéirí gnólachta, fostaithe agus custaiméirí an-chúramach agus go ndéanann siad prótacail agus cleachtais sábháilteachta a athbhreithniú agus go gcinntíonn siad go ndéanann siad machnamh ar na gníomhartha go léir ar féidir linn go léir tabhairt fúthu mar dhaoine aonair chun sinn féin agus ár ndaoine muinteartha a chosaint.
"Ná fill ar an ionad oibre ach más gá amhlaidh a dhéanamh. Leanaigí oraibh le masc a chaitheamh, le scaradh sóisialta a dhéanamh, le sláinteachas maith lámh agus le béasaíocht chasachta. Má bhraitheann sibh i mbaol i dtimpeallacht phlódaithe, bíodh de mhisneach agaibh casadh timpeall agus dul abhaile.
"Más úinéir gnólachta nó fostóir sibh, cuimhnígí go bhfuil dualgas cúraim oraibh dóibh siúd a oibríonn duit. Cabhróidh athoscailt go freagrach leis an mbaol a laghdú go scaipfear COVID-19 i measc bhur bhfoirne san ionad oibre agus cinnteoidh sé go mbíonn an deis againn go léir taitneamh a bhaint as na gníomhaíochtaí nua sóisialta agus geilleagracha a bheidh ar fáil dúinn ón 10 Bealtaine."
Dúirt an Dr Ray Walley, Dochtúir Ginearálta:
"Tá cleachtais ghinearálta fíorghnóthach faoi láthair ag déileáil le cúram COVID agus neamh-COVID anuas ar leanúint le vacsaíní COVID-19 a thabhairt.
"Leanann DGanna le vacsaíní COVID-19 a thabhairt de réir an Chláir Vacsaínithe Náisiúnta, agus ciallaíonn seo go bhfuil iad siúd atá 70 bliain d’aois nó níos sine agus iad siúd atá leochaileach i dtaobh cúrsaí cliniciúla de idir 50 agus 59 bliain d’aois incháilithe vacsaín a fháil óna DG.
"Spreagfainn aon duine ar iarradh orthu clárú dá vacsaín amhlaidh a dhéanamh ar thairseach FSS."
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal, sonraí laethúla san áireamh faoi Chlár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.
Contae Cásanna an lae inniu (go dtí meán oíche an 06BEA2021) | **Is é an meán gluaisteach 5 lá |
(01BEA2021 – 06BEA2021)| Ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra (AN 23AIB2021 go dtí an 06BEA2021)| Cásanna nua le 14 lá anuas (AN 23AIB2021 go dtí an 06BEA2021)**|
Éire | 434 | 416 | 129.7 | 6,178 |
Dún na nGall | 19 | 25.6 | 268.2 | 427 |
Cill Dara | 34 | 34.2 | 260.7 | 580 |
An Iarmhí | 12 | 11.6 | 205.0 | 182 |
Baile Átha Cliath | 197 | 175.0 | 182.1 | 2,454 |
An Mhí | 20 | 19.0 | 152.8 | 298 |
An Cabhán | 10 | 6.4 | 147.0 | 112 |
Ros Comáin | 19 | 10.6 | 137.9 | 89 |
Tiobraid Árann | <5 | 11.2 | 132.9 | 212 |
Luimneach | 20 | 16.4 | 124.2 | 242 |
Lú | 12 | 14.0 | 119.5 | 154 |
Uíbh Fhailí | <5 | 4.8 | 115.4 | 90 |
Muineachán | 11 | 5.6 | 105.9 | 65 |
An Longfort | <5 | 2.0 | 102.8 | 42 |
Cill Mhantáin | <5 | 6.4 | 90.6 | 129 |
Ceatharlach | <5 | 2.6 | 87.8 | 50 |
Gaillimh | 8 | 9.2 | 84.5 | 218 |
Corcaigh | 44 | 36.0 | 83.8 | 455 |
Liatroim | <5 | 1.2 | 78.0 | 25 |
Port Láirge | <5 | 4.0 | 70.6 | 82 |
Laois | <5 | 2.2 | 49.6 | 42 |
Maigh Eo | <5 | 3.4 | 42.9 | 56 |
An Clár | <5 | 3.6 | 40.4 | 48 |
Cill Chainnigh | <5 | 2.8 | 38.3 | 38 |
Loch Garman | 8 | 5.8 | 32.7 | 49 |
Sligeach | <5 | 0.2 | 25.9 | 17 |
Ciarraí | <5 | 2.2 | 14.9 | 22 |