Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Luain, an 25 Eanáir 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas ar 7 mbás bhreise a bhaineann le COVID-19.
Tharla gach ceann de na básanna seo in Eanáir.
Is é 77 bliain meánaois na ndaoine siúd a fuair bás, agus is é an raon aoise idir 43 agus 94 bliain.
Tá 2,977 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Dé Domhnaigh, an 24 Eanáir, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 1,372 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 188,923* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 3 chás dheimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 188,923 cás deimhnithe.)
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
Amhail 2pm inniu, tá 1,905 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 219 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 58 duine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH