Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Luain, an 26 Aibreán 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas ar 1 bhás bhreise a bhaineann le COVID-19.
Tá 4,874 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Dé Domhnaigh, an 25 Aibreán, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 437 cás deimhnithe de COVID-19.
Tá 247,069* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 1 chás deimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 247,069 cás deimhnithe.)
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
Amhail 8am inniu, tá 184 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 46 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 19 nduine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail an 24 Aibreán 2021, tugadh 1,385,753 dáileog de vacsaín COVID-19 in Éirinn:
Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Mar thír, tá an chéad dáileog de vacsaín COVID-19 tugtha anois againn do 25% de dhaoine fásta incháilithe. Chun obair ríthábhachtach an chláir vacsaínithe a chosaint a dhéanann sinn go léir a chosaint ó COVID-19, is tábhachtach go leanaimid bheith airdeallach agus cúramach. Ní mór dúinn díreach anois an dul chun cinn atá déanta againn le chéile a chosaint.
"Cé gur cheart dúinn bheith aireach i gcónaí, is féidir linn a bheith dóchasach go haireach. Is é ár gclár vacsaínithe, cloí thromlach mór na ndaoine in Éirinn leis an gcomhairle sláinte poiblí, atá le moladh, na rudaí is mó a thabharfaidh ár gcosa slán as an bpaindéim seo sna míonna amach anseo. Ach déanann casadh le daoine eile taobh istigh nuair atá an galar á scaipeadh go fóill ar ardleibhéal ár ndul chun cinn a chur i mbaol. Leanaigí oraibh, le bhur dtoil, ag gníomhú chun sárleasa a chéile agus bígí sábháilte nuair a bhíonn sóisialú á dhéanamh agaibh."
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal, sonraí laethúla san áireamh faoi Chlár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.