Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Máirt, an 10 Samhain 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu ar 16 bhás bhreise a bhaineann le COVID-19. As na básanna a tugadh le fios, tharla 14 bhás i Samhain, tharla bás amháin i nDeireadh Fómhair agus tá imscrúdú á dhéanamh go fóill ar bhás amháin.
Tá 1,963* duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 1 bhás a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 1,963 bás.)
Amhail meán oíche Dé Luain, an 9 Samhain, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 270 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 65,889* * cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
(* *Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 40 cás deimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 65,889 cás deimhnithe.)
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
Amhail 2pm inniu, tá 282 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 40 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 21 duine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Ábhar spreagtha é an feabhas suntasach atá tagtha ar phróifíl an ghalair: tá laghdú 51% tagtha ar an bhforleithne 14 lá 152 cás in aghaidh gach 100,000 duine i gcomparáid leis an dá sheachtain roimhe seo.
"Chun leanúint ag dul sa treo seo, tá orainn bheith airdeallach i gcónaí ar chineál an-tógálach an víris seo, ar féidir é a scaipeadh gan stró ó dhuine go duine trí theagmháil dhlúth agus trí chasadh le daoine go sóisialta. Baineann ríthábhacht leis na roghanna aonair a dhéanaimid gach lá chun fanacht sa bhaile agus ár dteagmhálaithe a choimeád a laghad agus is féidir chun scaipeadh COVID-19 a laghdú."
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH