Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Sathairn, an 13 Márta 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu ar 16 bhás bhreise a bhaineann le COVID-19.
Tharla 3 de na básanna seo i Márta, 12 bhás i bhFeabhra agus 1 bhás in Eanáir.
Is é 88 bliain meánaois na ndaoine siúd a fuair bás, agus ba é an raon aoise idir 59 agus 96 bliain.
Tá 4,534 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Dé hAoine, an 12 Márta, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 543 cás deimhnithe COVID-19. Tá 226,358* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 5 chás dheimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 226,258 cás deimhnithe.)
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
Amhail 8am inniu, tá 340 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 85 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 15 dhuine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 mhí anuas.
Amhail an 10 Márta, tugadh 570,391 dáileog de vacsaín COVID-19 in Éirinn:
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal, sonraí laethúla san áireamh faoi Chlár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.