Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Sathairn, an 27 Feabhra 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu ar 13 bhás bhreise a bhaineann le COVID-19.
Tharla 10 de na básanna seo i bhFeabhra, tharla 1 bhás in Eanáir, tharla 1 bhás i nDeireadh Fómhair agus tá imscrúdú á dhéanamh go fóill ar 1 bhás go fóill.
Is é 81 bliain meánaois na ndaoine siúd a fuair bás, agus ba é an raon aoise idir 55 agus 92 bliain.
Tá 4,313 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Dé hAoine, an 26 Feabhra, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 738 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 218,980* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 9 gcás dheimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 218,980 cás.)
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
Amhail 8am inniu, tá 550 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 135 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 27 duine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail an 24 Feabhra, tugadh 391,355 dáileog de vacsaín COVID-19 in Éirinn:
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal, sonraí laethúla san áireamh faoi Chlár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.