Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Sathairn, an 27 Márta 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas ar 2 bhás bhreise a bhaineann le COVID-19.
Tharla na básanna a tugadh le fios inniu i Márta.
Tá 4,653 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Dé hAoine, an 26 Márta, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 624 cás deimhnithe COVID-19. Tá 233,937 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.*
(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 14 chás dheimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 233,937 cás deimhnithe.)
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
Amhail 8am inniu, tá 304 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 64 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 21 duine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail an 24 Márta, tugadh 732,678 dáileog de vacsaín COVID-19 in Éirinn:
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal, sonraí laethúla san áireamh faoi Chlár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.