Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Sathairn, an 9 Eanáir 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas ar 9 mbás bhreise a bhaineann le COVID-19.
Tá 2,336 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Dé hAoine, an 8 Eanáir, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 4,842 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 140,727* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 1 bhás a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 140,727 cás deimhnithe.)
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
Amhail 2pm inniu, tá 1,293 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 119 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 102 duine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH