Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Déardaoin, an 19 Samhain 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas ar 4 bhás bhreise a bhaineann le COVID-19.
Tá 2,010 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Dé Céadaoin, an 18 Samhain, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 429 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 69,473* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 14 chás dheimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 69,473 cás deimhnithe.)
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
Amhail 2pm inniu, tá 290 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 33 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 15 dhuine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 mhí anuas.
Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Tá stop curtha ag ár ndul chun cinn sa tseachtain dheireanach inár gcuspóir chun tréimhse sé seachtaine a úsáid chun ionfhabhtú COVID-19 sa phobal a laghdú.
"Tá dhá sheachtain anois againn chun an sprioc a bhaint amach arís. Cuir an galar faoi chois trí theorainn a chur ar an méid daoine a ndéanann tú teagmháil leo gach lá. Oibrigh as baile, fan sa bhaile agus cloígh leis an gcomhairle sláinte poiblí chun go mbainfimid uimhir atáirgthe faoi 0.5 amach faoin 1 Nollaig."
Dúirt an Dr Ronan Glynn, an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Tá méadú 18% tagtha ar bhásanna a bhaineann le COVID-19 i réigiún na hEorpa le coicís anuas. Cláraíodh 29,000 bás nua san Eoraip an tseachtain seo caite. Is ionann sin agus bás á fháil ag duine gach 17 soicind. Tá dul chun cinn suntasach déanta againn in Éirinn le roinnt seachtainí anuas, ach níl athrú tagtha ar an ngalar agus ar a rioscaí. Lean ar aghaidh le do chuid iarrachtaí, le do thoil, chun cloí leis an gcomhairle sláinte poiblí, teorainn a chur ar tharchur COVID-19 in Éirinn agus iad siúd is leochailí inár dteaghlaigh agus ar fud ár bpobal a chosaint."
Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach Samhaltaithe Eipidéimeolaíochta an FÉSPN:
"Thugamar faoi deara go raibh líonta cásanna ag dul i laghad ar feadh 3 seachtaine anuas go dtí ráta 5-7% sa lá chomh maith le huimhir atáirgthe a ísle le 0.6. Is eol dúinn nach bhfuil na líonta cásanna ag dul i laghad a thuilleadh agus tá méadú tagtha dá bharr ar an uimhir atáirgthe aníos go dtí figiúr measta 0.7-0.9.
"Tugann na sonraí le fios go tréan gur eascair an méadú ar an uimhir atáirgthe a thugaimid faoi deara anois as méadú beag le déanaí a tháinig ar an leibhéal teagmhálaithe sóisialta. Déanfaidh iarracht bheag bhreise chun ár dteagmhálaithe a laghdú difear mór chun forleithne an ghalair a laghdú roimh an 1 Nollaig."
Dúirt an Dr Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil, FSS:
"Tá éilimh ollmhóra curtha ag an bpaindéim seo ar ár n-oibrithe cúraim sláinte, anuas ar chúram caighdeánach a chur ar othair. Baineann bearta breise coiscthe agus rialaithe ionfhabhtaithe lena n-obair anois a dteastaíonn airdeall agus feasacht sheasmhach uathu. Is é an bealach is fearr is féidir linn go léir buíochas a chur in iúl dá n-obair ná do pháirt a ghlacadh chun tarchur pobail a laghdú."
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH