Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Déardaoin, an 22 Aibreán 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu ar 10 mbás bhreise a bhaineann le COVID-19.
Tharla 7 de na básanna seo in Aibreán, 1 bhás i Márta, 1 bhás i bhFeabhra agus 1 bhás in Eanáir.
Ba é 82 bliain meánaois na ndaoine siúd a fuair bás, agus ba é an raon aoise idir 62 agus 104 bliain.
Tá 4,866 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Dé Céadaoin, an 21 Aibreán, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 617 cás deimhnithe de COVID-19.
Tá 245,310* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 2 chás dheimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 245,310 cás deimhnithe.)
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
Amhail 8am inniu, tá 176 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 48 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 19 nduine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail an 20 Aibreán 2021, tugadh 1,240,965 dáileog de vacsaín COVID-19 in Éirinn:
Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Tá seasamh láidir bainte amach againn sa mhéid go bhfuil laghdú mór tagtha ar leibhéil tarchuir agus go bhfuil tabhairt isteach an vacsaínithe ag cosaint níos mó díobh siúd i gcónaí atá i mbaol i ngeall ar éifeachtaí troma COVID-19.
"Más féidir linn an áit atá bainte amach againn faoi láthair a chothú, tá dóchas ann gur féidir linn bheith ag súil le bearta a laghdú go mór, ach tá sé chomh tábhachtach anois agus a bhí riamh nach gcuirimid an dul chun cinn sin i mbaol trí gan bheith an-airdeallach, nó gan sin a dhéanamh róluath."
Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach Samhaltaithe Eipidéimeolaíochta an FÉSPN:
"Meastar go bhfuil an uimhir atáirgthe an-ghar do 1.0. Leanaimid le teagmháil dhlúth a dhéanamh le 2.6 duine – a léiríonn na dianiarrachtaí atá á ndéanamh ag an bpobal tarchur sóisialta a choimeád íseal. Tá táscairí uile an ghalair cobhsaí nó ag dul i laghad go mall, ach d’fhéadfaimis méadú ar chásanna a thabhairt faoi deara sna laethanta amach romhainn, mar sin féin. Tá sé ríthábhachtach go gcothaímid é seo sna seachtainí amach romhainn chun tarchur pobail a bhainistiú, agus gluaiseacht i dtreo bearta a laghdú."
Dúirt an tOllamh Martin Cormican, Ceannasaí Cliniciúil Frithsheasmhachta in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach agus Rialú Ionfhabhtuithe, FSS agus Ollamh le Baictéareolaíocht ag OÉ, Gaillimh:
"Is ríshoiléir anois na tairbhí a bhaineann le vacsaíniú i dtithe altranais agus i saoráidí cúraim cónaithe fhadtéarmaigh i ndiaidh gur tháinig laghdú suntasach ar an líon cónaitheoirí agus foirne ar tháinig galar trom orthu.
"Is ionann treoir nua maidir le cuartaíocht ar ar chomhaontaigh an FÉSPN inniu agus céim eile chun tacú le cónaitheoirí i saoráidí cúraim cónaithe fhadtéarmaigh chun caidreamh bríoch a chothú lena dteaghlach agus cairde. Ón 4 Bealtaine, is féidir le cónaitheoirí i dtithe altranais - ina bhfuil formhór na gcónaitheoirí go hiomlán vacsaínithe - súil a bheith leis go dtabharfaidh beirt daoine 4 chuairt orthu sa tseachtain."
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal, sonraí laethúla san áireamh faoi Chlár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.